Faoin Sceach Gheal - Marita Conlon-McKenna - E-Book

Faoin Sceach Gheal E-Book

Marita Conlon-McKenna

0,0

Beschreibung

Since its first publication in 1990, Marita Conlon-McKenna's Under the Hawthorn Tree has broken all records for sales of an Irish-published children's book, has won national and international awards, and has been translated into Danish, Swedish, Dutch, French, German, Japanese as well as selling editions in the US. It tells the story of three children left to fend for themselves during the horror of the Great Irish Famine. Now, for the first time, the book is being made available in the Irish language, as Faoin Sceach Gheal, translated by Máire Nic Mhaoláin. Scéal éachtach ar an Drochshaol, agus ar thriúr óga a sháraíonn gach guais lena linn. I ndaichidí an naoú haois déag tá Éire I ngreim ag an ngorta. Nuair a imíonn mí-ádh ar a dteaghlach féin, fágtar Eibhlín, Micheál agus Peig le déanamh as dóibh féin. Le héalú ón ocras agus ó theach na mbocht, cuireann siad sa siúl. Is é a n-aon dóchas dul chomh fada leis na seanaintínú a mbíodh a máthair ag scéalaíocht orthu. Tugann siad aghaidh go misniúil ar an aistear fada anróiteach, agus gnó acu ar feadh an achair dá bhfuil de shracadh agus de ghrá agus de dhílseacht ina gcroí.

Sie lesen das E-Book in den Legimi-Apps auf:

Android
iOS
von Legimi
zertifizierten E-Readern
Kindle™-E-Readern
(für ausgewählte Pakete)

Seitenzahl: 183

Veröffentlichungsjahr: 2012

Das E-Book (TTS) können Sie hören im Abo „Legimi Premium” in Legimi-Apps auf:

Android
iOS
Bewertungen
0,0
0
0
0
0
0
Mehr Informationen
Mehr Informationen
Legimi prüft nicht, ob Rezensionen von Nutzern stammen, die den betreffenden Titel tatsächlich gekauft oder gelesen/gehört haben. Wir entfernen aber gefälschte Rezensionen.



“... an stair ar athchruthú, agus fós é ina scéal beoga eachtraíochta”

RTE GUIDE

Céad go leith bliain ó shin bhí Éire i ngreim ag an ngorta. Nuair a imíonn a n-athair is a máthair gan tuairisc ag iarraidh greim a mbéil a sholáthar dá gclann, fágtar na Drisceolaigh óga, Eibhlín, Micheál agus Peig, leo féin. Cad a dhéanfaidh siad ar chor ar bith? I gCaisleán an tSagairt, baile i bhfad i gcéin, tá cónaí ar dhá sheanaintíní leo a mbíodh a máthair ag scéalaíocht orthu. Le héalú ó uafás Theach na mBocht, cuireann na páistí chun siúil ag triall ar na haintíní. Ach nuair atá an tír lán guaise is galair, an bhfuil a leithéid de thuras indéanta? Scéal corraitheach ar mhuirín amháin agus ar a gcuid misniúlachta is seiftiúlachta is dílseachta agus iad faoi luí na cinniúna ba throime dár bhuail muintir na hÉireann riamh.

 

“... leabhar álainn, corraitheach … iontaofa mar stair agus spreagúil mar úrscéal”

THE SUNDAY TIMES

 

“Scéal éachtach ar bhuanseasmhacht an duine”

SUNDAY INDEPENDENT

 

Do m’iníon Amanda“an mháthair bheag”

 

Buíochas

Tá focal buíochais ar leith as ucht a dtacaíochta agus a spreagtha ag dul dóibh seo a leanas: m’fhear céile James, mo mháthair is m’athair Mary agus Patrick Conlon, m’Aint Eleanor (Murphy), Brigid Brady, Pat Donlon, Anne O’Connell, agus Ionad Tyrone Guthrie, Eanach Mhic Dheirg.

 

Gradaim atá buaite ag an mbunleabhar Under the Hawthorn Tree1991

GRADAM AN CHUMAINN LÉITHEOIREACHTA IDIRNÁISIÚNTA1991

Príomhghradam CHUMANN LÉITHEOIREACHTA NA hÉIREANN1993

OSTERREICHISCHER KINDER UND JUGENDBUCHPREIS1994

(ar an ngearrliosta do )

GRAND PRIX EUROPEEN DU ROMAN POUR ENFANTS DE LA VILLE DE POITIERS 

 

EAGRÁIN EACHTRANNACHA ar fáil sna teangacha seo :

Béarla: an Bhreatain agus an Astráil, Stáit Aontaithe Mheiriceá; Fraincis, Gearmáinis, Ollainnis, Danmhairgis, Sualainnis, Iodáilis, Seapáinis

 

Tá scannán déanta de Under the Hawthorn Tree ag Young Irish Filmmakers i gcomhar le Channel 4 Learning

 

Leabhair Eile le MARITA CONLON-McKENNA

Wildflower Girl Fields of Home The Blue Horse No Goodbye Safe Harbour In Deep Dark Wood Little Star (leabhar phictiúrtha) Granny MacGinty (leabhar phictiúrtha)  

FAOIN SCEACH GHEAL

Marita Conlon-McKenna

Máire Nic Mhaoláin a chuir i nGaeilge

Donald Teskey a mhaisigh

CLÁR

Title Page

1 Ocras

2 Faoin Sceach Gheal

3 Dada le hIthe

4 Ina nAonar

5 An Bealach go Teach na mBocht

6 Cois Abhann

7 Teach an Bhrat

8 Cois Locha

9 Na Madraí

10 Cois Cuain

11 Siúl Oíche

12 An Stoirm Thoirní

13 Fiabhras ar Pheig

14 Micheál ar Thóir Cabhrach

15 An Bhó

16 Caisleán an tSagairt

17 Ceann Scríbe

 

Stair Achomair an Ghorta Mhóir

Gluais

About the Author

Copyright

Caibidil 1

Ocras

Bhí an t-aer fuar tais nuair a d’iompaigh Eibhlín sa leaba agus í ag iarraidh imeall na pluide a tharraingt aníos thar a guaillí. Mhothaigh sí a deirfiúr bheag Peig ag bogadh taobh léi. Bhí Peig ag srannadh arís, mar a dhéanadh sí aon uair a bhíodh slaghdán uirthi.

Bhí an tine beagnach as. Bhí deirge na gríosaí ag cur teolaíochta sa bhothán dorcha.

Bhí a máthair ag crónán go híseal leis an mbabaí. Bhí na súile dúnta ag Bríd bheag, agus cuma níos báine ná riamh ar a haghaidh agus í fillte i seál na máthar, agus greim docht aici ar dhual dá gruaig fhada dhonnrua.

Bhí Bríd breoite — bhí a fhios acu go léir é. Taobh istigh den seál úd, bhí a corp róthanaí, agus a cneas bán, agus é róthe nó rófhuar faoi do láimh. D’fháisceadh an mháthair chuici í de lá is d’oíche mar a bheadh sí ag iarraidh le barr tola cuid dá neart féin a chur ina leanbhán gléigeal.

Bhraith Eibhlín na deora i gceann a súl. Uaireanta dar léi gur brionglóid a bhí sa rud ar fad, agus go músclódh sí as gan mhoill agus go mbeadh gáire aici air, ach ba leor goin an ocrais ina goile agus an brón ar a croí lena dhearbhú gurbh fhíor é. Dhún sí na súile agus chuimhnigh siar.

Ba dheacair a chreidiúint nach raibh sé ach beagán le bliain ó bhí siad ina suí i seanteach na scoile nuair a rith Tadhg Ó Ceallaigh isteach faoi choinne a dhearthár Seán, agus go ndúirt leo go léir an baile a bhaint amach go beo agus cuidiú lena muintir, mar go raibh an dubh tar éis teacht ar na prátaí agus iad ag lobhadh sa talamh.

Bhí siad go léir ag fanacht leis an máistir a bhata a ardú agus béic a ligean le Tadhg: Imigh leat, a phleidhce, agus ná bí ag cur isteach ar an gceacht. Nach orthu a bhí an t-iontas nuair a dhún an máistir an leabhar agus go ndúirt leo deifriú abhaile. “Ná déanaigí aon mhoill faoi bhealach,” ar seisean. “Abhaile libh agus tugaigí lámh chúnta do bhur muintir.” Agus bhain siad as chomh tiubh géar sin gur tháinig ga seá iontu, agus imní a ndóthain orthu faoin scéal a bheadh rompu sa bhaile.

Ba chuimhin le hEibhlín é. Bhí a hathair ina shuí ar an gclaí cloiche agus a cheann idir a dhá láimh. Bhí a máthair ar a glúine sa ghort, agus a lámha agus a naprún clúdaithe le cré agus í ag tarraingt na bprátaí as an talamh, agus boladh trom ar an aer sa timpeall. Agus a leithéid de bholadh — boladh lofa, gránna, é ag dul suas i do shrón, isteach i do pholláirí, isteach i do bhéal. Boladh bréan na haicíde.

Ar fud an ghleanna bhí na fir ag mallachtach agus na mná ag guí Dé fóirithint orthu. Gach aon ghort riamh, bhí na prátaí seargtha ann agus iad ag lobhadh sa talamh. Bhí an barr loite, agus iad taobh leis mar bhia. Leath na súile ar na páistí leis an scanradh, mar d’aithin siadsan chomh maith le duine go raibh an t-ocras chucu.

Shoiprigh Eibhlín í féin isteach le droim Pheig agus ba ghearr gur tháinig teas inti. Bhí codladh uirthi agus thit néal arís uirthi.

“A Eibhlín! A Eibhlín! An bhfuil tú chun éirí?” arsa Peig de chogar.

Bhain na girseacha searradh astu féin agus i gceann tamaill bhig eile chaith siad na pluideanna díobh. Chuaigh Eibhlín anonn chun na tine gur chuir fód móna ar an ngríosach. Bhí cliabh na móna beagnach folamh. Bhí obair ansin do Mhicheál.

Chuaigh an bheirt ghirseach amach sa chlós. Bhí grian na maidine ag taitneamh. Bhí drúcht ar an bhféar. Ní dhearna siad moill ar bith mar bhí sé fuar amuigh agus gan orthu ach a léinte. Nuair a tháinig siad isteach arís bhí a máthair fós ina codladh, agus Bríd bheag ag míogarnach taobh léi.

“’Bhfuil bia ar bith sa teach?”

“Á, a Mhichíl, is furasta a aithint go bhfuil tusa i do shuí,” arsa Eibhlín go magúil.

“Tar uait, a Eibhlín. Féach an bhfuil dada ann, le do thoil,” arsa Micheál.

“Amach leat agus nigh an smúit sin de d’aghaidh agus ansin féachfaimid,” arsa Eibhlín.

Bhí ga gréine ag teacht isteach an doras oscailte. Dar le hEibhlín, bhí an bothán lán deannaigh agus salachair.

Rinne an babaí casacht agus mhúscail sí. Thóg Eibhlín ina baclainn í agus shuigh síos ar chathaoir sa chlúid fad a bhí a máthair ag timireacht thart. Bhí trí phráta fágtha ó inné roimhe sin agus dath liath orthu. Ghearr an mháthair iad sin ina slisní agus líon amach deoch bhainne as crúiscín mór. Bhí sé gann go leor, mar bhéile. Níor labhair duine ar bith, ach iad ag ithe leo, agus a smaointe féin ag an uile dhuine acu.

Thosaigh Micheál ag caint… ag iarraidh… ach d’athraigh sé a intinn. Bhí ceacht foghlamtha aige le tamall.

An chéad chúpla uair a d’iarr sé tuilleadh is amhlaidh a d’ardaigh a athair nó a mháthair an spúnóg adhmaid gur bhuail anuas í ar bhois a láimhe. Ina dhiaidh sin agus é ag éileamh orthu thagadh féachaint bhrónach i súile a athar agus bhriseadh an gol ar a mháthair. Ní fhéadfadh sé sin a fhulaingt, gan trácht ar a bheirt deirfiúracha a bheith ag baint gach re liomóg agus pluc as. B’fhearr gan dada a rá.

Faoi mheán lae bhí cúrsaí imithe i bhfeabhas.Bhí teas sa ghrian agus anáil bhog ghaoithe ann. D’imigh Micheál suas an bóthar ag triall ar a chara Páid. Shiúlfaidís in éineacht an cúpa míle slí chun an phortaigh féachaint an bhfaighidís lán an chléibh de mhóin.

Bhí srannán beag i mBríd, ach chodail sí léi. Thug sin misneach don mháthair, agus bhailigh sí na léinte agus cúpla ball éadaigh eile lena ní, agus ansin scar sí ar an talamh amuigh iad le triomú. Bhain sí croitheadh maith as na pluideanna agus chroch iad ar an gclaí cloiche.

Bhí folt gruaige fada donn ar Pheig, gan aon fhí ann, ach é síos léi ina sraoilleanna salacha. Chrom an mháthair os cionn Pheig agus thosaigh ag ní a cuid gruaige le huisce as buicéad, ag sciúradh agus ag cuimilt an chraicinn san am céanna. Bhí gach aon bhéic ag Peig, ach ba mheasa arís an bhéicíl nuair a chuir an mháthair chuici an chíor mhín gur thosaigh á tarraingt tríd an ngruaig fhada aimhréidh, á grinniú go géar féachaint an raibh sneá nó míolta ann. Bhí Eibhlín ag gáire, mar rinneadh an cleas céanna léi féin díreach coicís roimhe sin agus bhí a fhios aici go raibh sí slán an iarraidh seo.

Ar ball, sheol an mháthair an bheirt acu suas tigh Cháit Mhór Uí Chonmhaí féachaint an mbeadh ruainne d’úsc gé aici a chuimleodh sí d’ucht Bhríde. Bhí leigheas ag Cáit agus chuidíodh sí le daoine a mbeadh tinneas nó buairt orthu.

Bhí fál tiubh sceach thart ar an mbothán aici le príobháid éigin a thabhairt do na daoine a thiocfadh ar cuairt chuici.

Bhí an tseanbhean ina suí ar stól amuigh faoin ngrian.

“M’anam murar sibhse na girseacha cearta,” arsa Cáit de gháire. “An dada atá uaibh, a stóiríní?”

“Ruainne d’úsc gé atá ó mo mháthair le haghaidh an linbh,” arsa Eibhlín.

“Mo thrua í an leanbh céanna,” arsa Cáit. “Murab é an t-am é le teacht ar an saol!”

D’éirigh sí ón stól agus sméid ar na girseacha í a leanúint. Thit Peig siar agus greim aici ar ghúna Eibhlín. Bhí scéalta cluinte aici faoin tseanbhean agus bhí eagla bheag uirthi roimpi.

Bhí an bothán dorcha, agus seanbholadh ann. Chuaigh Cáit de choiscéim bhacach anonn chuig an seandrisiúr adhmaid, a bhí lán buidéal agus prócaí. Thosaigh sí ag monabhar di féin agus í ag tógáil na bprócaí agus ag ardú na gclaibíní orthu féachaint cad a bhí iontu. Faoi dheireadh fuair sí an ceann a bhí uaithi, bholaigh de, agus shín chuig Eibhlín é.

“Agus abair le do mháthair go mbeidh mé ag iarraidh an phróca sin ar ais.”

“An gcuirfidh sé biseach ar Bhríd?” arsa Peig. Bhí iontas ar Eibhlín a chróga is a labhair a deirfiúr bheag, agus gan í ach seacht mbliana d’aois.

Tháinig gruaim in éadan Cháit. “Níl a fhios agam, a stór. Tá oiread galar ag imeacht ar na saolta seo—agus galair aite. Ní féidir liom ach mo dhícheall a dhéanamh.”

Leis sin thug Cáit aghaidh ar an doras le dul amach faoin ngrian arís. Bhí sí díreach taobh amuigh den doras nuair a chuardaigh sí i bpóca a naprúin gur tharraing amach úll. Seanúll smeartha a bhí ann. Thug sí cuimilt dó. Ní raibh na girseacha ag iarraidh breathnú, ach le cúinsí móra bhronn sí ar Pheig é.

Tháinig dhá shúil mhóra do Pheig. Baineadh stangadh as Eibhlín.

“Go raibh míle maith agat … ní thiocfadh linn é a ghlacadh uait … go raibh maith agat … ach ní bheadh sé ceart,” arsa Eibhlín.

“Tá sé glas, agus é chomh crua le leac ifrinn,” arsa Cáit de gháire, ag nochtadh a cuid fiacla bearnacha. “Go deimhin, ní mise a íosfas é!”

Tháinig aoibh ar na girseacha agus d’iompair Peig an t-úll abhaile chomh cúramach is dá mba sheoid é, lena roinnt ar an líon tí.

An oíche sin bhí min bhuí acu don suipéar agus blonag leáite tríthi mar aon le dosán creamha a chaith an mháthair isteach leis an drochbhlas a cheilt. Rinneadh ceithre chuid den úll agus itheadh go blasta é, siúd is go raibh sé rud beag crua, agus géar lena chois.

“Tá sé coicís ó chuaigh bhur n-athair ag obair ar na bóithre, agus gan scéala ar bith uaidh go fóill,” arsa an mháthair. Bhí a fhios ag Eibhlín go raibh imní ar a máthair, idir Bríd a bheith tinn, agus an mála de mhin bhuí sa chúinne a bheith á ídiú in aghaidh an lae.

“Níl a fhios agam cad é a tharlóidh dúinn, nó cad a dhéanfaimid,” arsa an mháthair agus í ag croitheadh a cinn. “Deirtear go bhfuil an teach mór féin le dúnadh agus an máistir agus a mhuintir ag brath filleadh ar Shasana ar fad.”

D’aithin Micheál an t-éadóchas ina guth agus ar seisean go haigeanta, “Tá dea-scéala agamsa! Fan go gcluine tú seo, a Mham.”

Bhí uaireanta agus ní chreidfeá nach raibh sé ach naoi mbliana d’aois. Bhí barr dubh catach gruaige air mar a bhí ar a athair, agus súile gorma a mháthar ann agus an fhéachaint bhog chneasta chéanna iontu. Níor mhaith leis í a bheith faoi bhrón.

“Bhí mé féin agus Páid thuas ar an bportach. Chuamar giota ní b’fhaide ná mar is gnách, agus thángamar ar áit nár baineadh fód as go fóill. Tá athair Pháid le dul suas leis amárach le roinnt móna a bhaint agus a shrathnú, agus deir sé má mhaireann an ghaoth agus an triomú seo go bhféadfaimisne ár sciar féin di a bheith againn ach í a thabhairt abhaile muid féin. Nach iontach sin?”

Tháinig aoibh ar an máthair. “Is maith an fear é Dónall Ó Coileáin, agus sin é an focal fíor.”

Lig sí í féin siar sa chathaoir agus scaoil roinnt den imní di. Chuaigh Eibhlín ar a glúine taobh léi, agus shuigh Peig ina hucht.

“Inis scéal eile dúinn faoin am a bhí tú i do ghirseach bheag. Á, le do thoil, a Mham!” ar siad go léir.

“Nach bhfuil sibh dubh dóite de na seanscéalta sin agam?” arsa sise.

“Níl, ná é,” arsa Micheál.

“Tá go maith, mar sin,” ar sise, ag tosú agus ag insint dóibh. “Uair amháin nuair a bhí Eibhlín — mo mháthairse agus bhur seanmháthairse, a bhfuil Eibhlín ainmnithe aisti — nuair a bhí sise ina cónaí lena deirfiúracha Nóra agus Léan .…”

Nár dheas an rud scéal roimh dhul a chodladh do dhuine!

Caibidil 2

Faoin Sceach Gheal

Sheas an ghaoth. B’iontach an aimsir thriomaithe í. Bhí Dónall Ó Coileáin i ndiaidh scéala a chur chucu go dtabharfadh sé chun an phortaigh iad an mhaidin sin. Bhí Peig ag preabadh ó chois go cois agus í ar bís le himeacht. Ó tháinig an t-ocras agus an tinneas sa saol is ag crochadh thart faoin mbothán a bhíodh na páistí bunús an ama. Theastaigh óna máthair iad a bheith ar na gaobhair. Óna ndoras féin, bhí radharc ag muintir Dhrisceoil ar an deatach ag éirí ina dhual as gach simléar i nDúinín. Áit álainn a bhí ann. Bhí na comharsana an-chineálta, ach is beag cuartaíocht a bhí ar siúl san am i láthair. Bhí náire ar na daoine as dóigh chomh bocht sin a bheith orthu, agus b’fhearr leo an scéal a cheilt ar na comharsana. Agus ar chuma ar bith, is beag duine a raibh an fuinneamh ná an misneach ann le bheith ag gabháil don cheol ná don rince ná don scéalaíocht a thuilleadh.

Ach inniu bhí Eibhlín agus Peig agus Micheál ag dul chun an phortaigh! D’fhág siad slán ag a máthair, a raibh a haghaidh bán agus cuma bheag imníoch uirthi. Bhí Bríd bheag fós an-tinn. Ina codladh a bhíodh sí bunús an ama, agus ní chaoineadh sí ach amháin nuair a leagadh a máthair síos í.

Bhí cliabh le gach duine acu faoi choinne na móna. Bhí canna fíoruisce leo chomh maith, agus roinnt craicne prátaí agus crústa tur aráin leis an ocras a bhaint díobh.

Bhí Páid agus a athair ag fanacht leo. Fear mór a bhí i nDónall Ó Coileáin, agus barr fionn catach gruaige air, agus súile meidhreacha ag rince ina cheann nuair a bheadh giúmar maith air. Amuigh faoin spéir a bhíodh sé formhór an ama, agus é eolach ar an uile áit a mbeadh sméara nó caora nó muisiriúin ag fás. Bhí an seanasal, Mosaí, leis, agus na pardóga móra folmha ar a dhroim.

“Mo náire sibh, mar le dream óg, ag cur moille orainn lá breá mar seo!” arsa Dónall go magúil, agus é ag caitheamh a gcuid cliabh ar dhroim an asail. “Ar aghaidh libh anois, agus tiocfaidh mé féin agus Mosaí suas libh ar ball.” Bhí an t-asal aosta, mallsiúlach, agus ní raibh maith a bheith á bhrostú.

Bhí neart ama ag na páistí le bheith ag súgradh agus ag pleidhcíocht fad a bhí siad ag bailiú na bhfód tirim agus á gcur ina gcairn bheaga shlachtmhara. Bhí Peig gnóthach ag piocadh dos bainne bó bleacht dá máthair.

Faoi dheireadh tháinig Dónall, agus thosaigh siad ag líonadh na gcliabh le hoiread móna agus a d’fhéadfaidís a iompar, agus go deimhin níor mhór an méid é sin. Ní iompródh Mosaí féin ach leathualach na laethanta seo.

Ba ghearr go raibh siad ag cur allais, agus tart orthu. Shuigh siad síos gur shlog siar an t-uisce fuar agus gur chaith an bia a bhí leo. Bhí bolgam tae ag Dónall agus greim bacstaí, agus ina dhiaidh sin chuidigh sé leo go léir na cléibh a iompar, fad a bhí Páid ag treorú Mhosaí agus á choinneáil socair.

B’fhadálach tuirsiúil é an turas abhaile. Dar leis na páistí, bhí an talamh níos achrannaí ná riamh, agus bhí pianta ina ndroim agus ina gcuid sciathán agus guaillí. Stadaidís go minic lena n-anáil a tharraingt. Bhuail Peig fúithi ar an talamh cúpla uair agus dúirt nach bhféadfadh sí coiscéim eile a shiúl, agus thosaigh ag caoineadh. Rinne Dónall greann léi. An rud a dhéanfadh seanasal bacach mar Mhosaí, a dúirt sé, ní theipfeadh ar chapaillín óg mar í féin a dhéanamh.

Thóg sé tamall fada orthu teach mhuintir Choileáin a bhaint amach. D’fhág na Drisceolaigh óga slán ag a gcairde agus bhuail ar aghaidh. Ba é an leathmhíle deireanach ba mheasa. Bhí lámha Mhichíl ag cur fola agus é ag iarraidh greim a choinneáil ar an gcliabh ba throime. Bhí an clapsholas ann faoin am a shroich siad an baile.

Bhí an cliabh mór le fágáil cois na tine, ach caitheadh an chuid eile den mhóin le taobh an tí. Ní raibh ann ach clampa beag ar fad. Ní fhéadfaidís gan smaoineamh ar an gcruach mhór a dhéanadh a n-athair nuair a bhí saol níos fearr ann, cruach a bhféadfá seasamh uirthi, í beagnach chomh hard le binn an tí.

Bhrúigh siad an doras rompu. Bhí a máthair ag míogarnach chodlata sa chlúid agus Bríd bheag ina hucht. Bhí cuma thuirseach ar an máthair, agus d’aithin siad go raibh sí i ndiaidh a bheith ag caoineadh.

Gan aon torann a dhéanamh, rinne siad atéamh ar bhrachán mine coirce. Bhí siad uilig sáraithe amach, agus gan uathu ach titim iseach sa leaba. Leis na pianta a bhí ina gcnámha uilig, ar éigean a mhothaigh siad an gheonaíl sna putóga folmha acu sular thit a gcodladh orthu.

Uair éigin i gcaitheamh na hoíche d’airigh siad a máthair ag caoineadh go bog di féin, agus Bríd ag casachtach agus ag iarraidh a hanáil a fháil. Tháinig Micheál gur luigh sé isteach sa leaba leis na girseacha. Fuair siad greim láimhe ar a chéile agus thosaigh ag guí. Dúirt siad gach aon phaidir dár fhoglaim siad riamh.

“A Dhia fóir orainn! Fóir orainn, impímid ort, a Dhia!” ar siad.

Níor chodail duine ar bith néal. Bhí moch na maidine ann sular stop an chasachtach. Go tobann bhí tost ann. Bhí an mháthair ag pógadh aghaidh an linbh agus gach méar dá cuid i ndiaidh a chéile.

“Go dtuga Dia go n-éireoidh an ghrian gan mhoill agus deireadh a chur leis an oíche léanmhar seo,” arsa na páistí.

D’aithin siad go tobann nach raibh smid as a máthair. D’éirigh siad agus chuaigh anonn chuici. Bhí na deora móra ag sileadh léi.

“Tá sí ar shiúl. Tá mo stóirín beag féin ar shiúl!”

Thosaigh Peig ag gol. “Teastaíonn Bríd ar ais uaim,” ar sise. “Teastaíonn sí uaim.”

“Tá sé ceart go leor, a stór,” arsa an mháthair. “Bhí sí rólag le fanacht sa saol crua seo níos mó. Féach uirthi. Nach í féin an tachrán breá girsí, anois ó tá sí faoi shuaimhneas.”

Ní raibh cor as an leanbh ach mar a bheadh sí ina suan. Dúirt an mháthair leo í a phógadh, agus tháinig siad duine ar dhuine gur phóg go muirneach an deirfiúr bheag nár chuir siad aithne uirthi ach ar éigean.

Bhí cuma an-chiúin ar an máthair, aisteach go leor, agus d’ordaigh sí dóibh dul ar ais a luí. “A luaithe a ghealfas an lá, a Mhichíl, caithfidh tusa rith suas tigh Dhónaill Uí Choileáin agus iarraidh air fios a chur ar an Athair Ó Dúill. Suífidh mise tamall eile anseo ag faire ar mo leanbhán gléigeal.”

Ar ball beag chuir Micheál chun siúil. Bhí a aghaidh bán agus a shúile dearg ón gcaoineadh. Chuir aer fuar na maidine creathanna tríd agus d’fháisc sé a chóta éadrom thart air.

Bhí roinnt uisce téite ag an máthair agus nigh sí Bríd go cúramach le ceirt, agus scuab arís is arís a gruaig bhog chatach fhionn. Tharraing Eibhlín an seanchófra adhmaid amach as faoi leaba a tuismitheoirí. D’oscail sí é, mar a dúradh léi. Ní mór a bhí ann, agus ní raibh moill uirthi teacht ar an ngúna baiste lása a rinne a sin-seanmháthair fadó. Bhí an lása buí leis an aois. Bhí sé deich mí ó chaith Bríd an gúna cheana, ach bhí a colainn bheag chomh caite sin go raibh sé fós mór go leor di. Bhí sí mar a bheadh aingeal beag geal agus an gúna sin uirthi, ach chuir sí i gcuimhne d’Eibhlín bábóg phoircealláin ón bhFrainc a chonaic sí uair i bhfuinneog siopa sa bhaile mór. Bhí an bhábóg ina seasamh go díreach righin faoina gúna de lása bán agus fo-ghúna beag stáirseáilte faoi, agus folt fada dualach síos léi. Ba é ab aoibhinn léi an bhábóg sin a bheith aici féin agus í a fháscadh lena croí. Anois bhí an mothú céanna aici, ach é níos treise. Bhí fonn millteanach uirthi Bríd a fháscadh lena croí agus gan scaoileadh léi go deo.