5,99 €
'Ach cérbh í Peig Sayers?' Níorbh í in aon chor an tseanbhean ologónach í ar chuir na glúnta de dhaltaí scoile aithne uirthi. Is léir ó chuntais uathu siúd arbh eol dóibh í gur bhean ghrámhar thuisceanach í a raibh acmhainn grinn inti; bean a fuair blas ar ghal tobac agus ar bhraoinín fuisce, agus a bhí oilte ar chraiceann a chur ar scéal. Saolaíodh Peig i nDún Chaoin i gCo. Chiarraí i 1873. Thug sí bua na scéalaíochta léi óna hathair agus tugadh a sárchuimhne agus an lé a bhí aici le comhluadar faoi deara go luath. Phós sí iascaire ón mBlascaod agus chaith sí saol cruógach i dteaghlach líonmhar ag déanamh cúraim don seisear leanbh léi a mhair. Tugann Labharfad le Cách le chéile den chéad uair na taifeadtaí a thóg an BBC agus RTÉ uaithi i 1946, 1947 agus 1953, mar aon le haistriúcháin Bhéarla orthu. Léiríonn siad fairsinge repertoire Pheig idir scéalta cráifeacha, paidreacha, scéalta rómánsacha, scéalta faoin osádúr agus cuntais ar an saol a caitheadh tráth ar an oileán ach go bhfuil a chuimhne ag dul i léig anois. 'Who was that Peig Sayers?' She was anything but the maudlin and old-fashioned Peig remembered by generations of school children. From the descriptions of those who met her, the real Peig emerges as a warm, wise and humorous woman, with an addiction to tobacco, a fondness for a sup of whiskey and a mastery of the art of 'spin'. Born in Dún Chaoin in County Kerry in 1873, Peig learned the art of storytelling at her father's knee, and quickly became known for her sociable nature and excellent memory. Marrying a fisherman from the Great Blasket, she enjoyed a full life with a large extended family and the care of her six living children. I Will Speak to You All collects, for the first time, in both Irish and English, the recordings made by the BBC and RTÉ of Peig Sayers in 1946, 1947 and 1953. They illustrate Peig's repertoire, ranging from religious stories and prayers to humorous, romantic, even supernatural tales, as well as descriptions of an island life that is passing from living memory.
Das E-Book können Sie in Legimi-Apps oder einer beliebigen App lesen, die das folgende Format unterstützen:
Veröffentlichungsjahr: 2022
PEIG SAYERS VOLUME 1
First published in 2009 by
New Island Books
Glenshesk House
10 Richview Office Park
Clonskeagh
Dublin D14 V8C4
Republic of Ireland
www.newisland.ie
This paperback edition published in 2022
© Réamhrá/Introduction, Nótaí/Notes, Trascríobha agus Aistriúcháin/Transcriptions and Translations Bo Almqvist & Pádraig Ó Héalaí, 2009, 2011, 2022
© Taifeadtaí fuaime / Sound recordings, RTÉ Archives, 1947, 1953
© Sleachta as cín lae agus bailiúcháin Sheosaimh Uí Dhálaigh Cnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ)/Extracts from Seosamh Ó Dálaigh’s diaries and collections National Folklore Collections (NFC)
Luaitear ar leith cóipcheart bainteach le léaráidí agus grianghraif/Illustrations and photographic copyright material listed separately.
The right of Bo Almqvist & Pádraig Ó Héalaí to be identified as the authors of this work has been asserted in accordance with the provisions of the Copyright and Related Rights Act, 2000.
Paperback ISBN 978-1-84840-845-6
eBook ISBN 978-1-84840-857-9
All rights reserved. The material in this publication is protected by copyright law. Except as may be permitted by law, no part of the material may be reproduced (including by storage in a retrieval system) or transmitted in any form or by any means; adapted; rented or lent without the written permission of the copyright owner.
British Library Cataloguing Data. A CIP catalogue record for this book is available from the British Library.
New Island Books is a member of Publishing Ireland
CLÁR AN ÁBHAIR / CONTENTS
Labharfad le Cách
Nóta buíochais
Réamhrá
TAIFEADTAÍ AN BBC 1947
1. NAOMH BREANDÁN AGUS A LEABHAR AIFRINN
2. CLOIGÍN AG BUALADH
3. MAR FUAIR PEIG A SCÉALTA
4. TOMÁS SAYERS AGUS AN BHEAN FEASA (1)
5. BÁS THOMÁIS SAYERS
6. PEIG AGUS AN BÉARLA
7. COIGILT NA TINE
8. ‘A THIARNA, DÉAN IARLA DEM MHAC!’
9. VÉARSA BÉARLA
TAIFEADTAÍ RADIO ÉIREANN 1947
10. TRIÚR STRAPAIRÍ AG TEACHT ISTOÍCHE
11. AR SON NA TEANGAN
12. DRÁMA GAELACH
13. AN CLEAMHNAS
14. TOMÁS SAYERS AGUS AN BHEAN FEASA (2)
15. FÁILTE AN LINBH ÍOSA
16. AN CAT A LABHAIR
17. PAIDREACHA
A. Ag dul a chodladh dhuit
B. Coigilt na tine
18. NOLLAIG AR AN OILEÁN
19. ÁRTHACH TIRIM AG RITH AR AN mBÓTHAR
20. AN SAMHRADH CRUAIDH
21. COINLEACH GLAS AN FHÓMHAIR BHUÍ
22. CUR SÍOS AR AN OILEÁN TIAR
23. ÓRÁID PHEIG
TAIFEADTAÍ RADIO ÉIREANN 1953
24. ÚSÁID RÓIN
25. MAC UÍ SHÉ AGUS AN RÓN
26. SAOL AN OILEÁIN
27. AN QUEBRA
28. PEIG SAN OSPIDÉAL
29. MUIRISÍN DEAS IS NÓRA
Nóta ar thrascríobh na dtaifeadtaí
Tráchtaireacht
Nótaí an réamhrá
I Will Speak To You All
Acknowledgements
Introduction
BBC RECORDINGS 1947
1. SAINT BRENDAN AND HIS MASS BOOK
2. A LITTLE BELL RINGING
3. HOW PEIG GOT HER STORIES
4. TOMÁS SAYERS AND THE WISEWOMAN (1)
5. TOMÁS SAYERS’ DEATH
6. PEIG AND ENGLISH
7. PRESERVING THE FIRE
8. ‘O LORD, MAKE MY SON AN EARL!’
9. A VERSE IN ENGLISH
RADIO ÉIREANN RECORDINGS 1947
10. THE NIGHT VISIT OF THE THREE BOYOS
11. FOR THE SAKE OF MY LANGUAGE
12. A DRAMA IN IRISH
13. THE MATCH
14. TOMÁS SAYERS AND THE WISEWOMAN (2)
15. WELCOME TO THE CHRIST CHILD
16. THE CAT WHO SPOKE
17. PRAYERS
18. CHRISTMAS ON THE ISLAND
19. A SHIP RUNNING ON DRY LAND ALONG THE ROAD
20. THE SEVERE SUMMER
21. THE GREEN AUTUMN STUBBLE
22. AN ACCOUNT OF THE WESTERN ISLAND
23. PEIG’S ORATION
RADIO ÉIREANN RECORDINGS 1953
24. USE OF SEALS
25. O’SHEA AND THE SEAL
26. ISLAND LIFE
27. THE QUEBRA
28. PEIG IN HOSPITAL
29. NICE LITTLE MAURICE AND NÓRA
Commentary
Notes to Introduction
NODA/ABBREVIATIONS
FOINSÍ/SOURCES
Tá buíochas faoi leith ag dul uainn do Chomhairle Bhéaloideas Éireann, d’iareagarthóir agus d’eagarthóir reatha na sraithe, Scríbhinní Béaloidis, Séamas Ó Catháin agus Ríonach uí Ógáin; do RTÉ, ar thug an Príomh-Stiúrthóir, Cathal Goan, agus a Chomhairleoir Speisialta, Anne O’Connor, gach cúnamh agus tacaíocht dúinn san obair seo. Táimid faoi chomaoin ag an BBC as a dtaifeadtaí fuaime a chur ar fáil. Is mian linn freisin ár mórbhuíochas a chur in iúl do Harry Bradshaw as an dúthracht a chaith sé leis an obair dheacair a bhain le hathmháistriú na dtaifeadtaí a chur i gcrích go slachtmhar. Ar an iliomad duine a chabhraigh linn go fial i slite éagsúla tá Anna Bale, Mícheál agus Dáithí de Mórdha, Leslie Matson, Críostóir Mac Cárthaigh, Patricia Moloney, Éilís Ní Dhuibhne, Máire Ní Fhlathartaigh, Roibeard Ó Cathasaigh, Séamus Ó Flathartaigh, Pádraig Ó Fiannachta, Cathal Ó Háinle, Dáithí Ó hÓgáin, Mícheál Ó Curraoin (nach maireann) agus Fionnuala Carson Williams.
Táimid go mór faoi chomaoin ag institiúidí agus ag daoine aonair a cheadaigh go croíúil dúinn na léaráidí sa leabhar seo a atáirgeadh. Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin a sholáthraigh pictiúir uimhir 1, 6, 7, 10, 11, 12, 13, 14, 16, 20 agus 33 (grianghraf de líníocht le Harry Kernoff a fuair siad le déanaí é uimhir 1). Atáirgeadh uimhir 2 agus 3 ó sceitse a dhein Christine Waddicor le peann luaidhe, c. 1938, agus a bhronn an t-ealaíontóir ar Roinn Bhéaloideas Éireann (Cnuasach Bhéaloideas Éireann anois), An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is as Cartlann Grianghraf CBÉ freisin uimhir 4, 5, 8, 9, 15, 18, 19, 21, 25, 26, 29, 30 agus 31. Is as Leabharlann Grianghraf RTÉ na grianghraif de Shéamus Ennis (uimh. 34) agus de Sheán Mac Réamoinn (uimh. 35), agus is ón Gallery Press an grianghraf de W. R. Rogers (uimh. 32). Táimid faoi chomaoin ag Caitríona Miles as an ngrianghraf dá hathair, Séamus Ó Duilearga (uimh. 17) a chur ar fáil, agus is do mhuintir Chormaic Uí Chadhlaigh, Phádraig Uí Bhraonáin, Dermot Mason agus Chosslett Uí Chuinn atá ár mbuíochas ag dul as grianghraf a nduine muinteartha a sholáthar (uimh. 22, 23, 27, 28). Atáirgeadh an grianghraf de Marie-Louise Sjoestedt ‘Ag dul don Oileán’ (uimh. 24) ó alt Sualainnise a scríobh sí in Bonniers veckotidning (4 Meán Fómhair 1937).
Déarfaidh duine annso agus duine annsúd, b’fhéidir, ‘Cérbh í an Pheig Sayers úd?’ ach beidh Peig bhocht faid a nglaoidh uathu.
‘An Caibideal Deireanach’,Machtnamh Seana-Mhná.
I mBaile an Bhiocáire, i bparóiste Dhún Chaoin, in Iarthar Dhuibhneach a saolaíodh Maighréad – ba ghearr go dtabharfadh gach aon duine Peig uirthi – iníon do Thomás Sayers agus dá bhean, Maighréad Ní Bhrosnacháin, tionóntaithe ar fheirm bheag i 1873. Baisteadh í 29 Márta na bliana sin agus fuair sí bás in ospidéal Naomh Eibhlís sa Daingean, 8 Nollaig 1958. Tá sí curtha sa reilig nua i nDún Chaoin, áit a bhfuil radharc breá uaidh amach ar an bhfarraige agus ar an mBlascaod Mór, an t-oileán ar chaith sí daichead bliain dá saol ann.
Is beag a shílfeadh aon duine i dtaobh na mná seo a bhain le teaghlach neamhghustalach in áit chomh hiargúlta sin, go mbeadh sé i ndán di cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaint amach. Ach féach go raibh aithne mhór cheana féin uirthi sna 1920í ag scoláirí béaloidis agus teanga ón tír seo agus ón iasacht, agus nuair a foilsíodh a dírbheathaisnéis Peig i 1936, bhí a hainm in airde ina measc siúd ar spéis leo an Ghaeilge agus an cultúr dúchais. Bhuaigh an leabhar sin duais an Chraoibhín di, duais arbh fhiú £50 é, suim shuntasach airgid an tráth sin. Timpeall an ama chéanna, ar mholadh Mháire Ní Chinnéide, deineadh í a chorónú ina banríon ar an mBlascaod agus tugadh spás nach beag sna nuachtáin don ghradam seo agus do shearmanas an chorónaithe. Bhí Peig breá sásta airgead na duaise a fháil ach ní raibh an fháilte chéanna aici roimh an gcorónú mar mheas sí go rabhthas tar éis óinseach a dhéanamh di.1
Fiú má tugadh aitheantas maith di i dtreo dheireadh a saoil, mar sin féin, is tar éis a báis is mó a leath a clú. Dhein Radio Éireann go leor chun ainm Pheig a choimeád os comhair an phobail, ag tosú le clár i mBéarla Tribute to a Great Storyteller, a léirigh Seán Mac Réamoinn agus a craoladh 15 Bealtaine 1959. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur cuireadh amach an clár cuimhneacháin Bhí Sí Seal inár Measc, a léirigh Aindrias Ó Gallchobhair i stiúideo Chorcaí agus a láithrigh sé féin nuair a craoladh é den chéad uair 17 Samhain 1959. Orthu siúd a bhí rannpháirteach sa chlár agus ar chuir a gcuid cainte go mór lenár dtuiscint ar Pheig mar dhuine agus mar scéalaí, bhí a mac Mícheál Ó Gaoithín,2 an file Seán Ó Ríordáin agus na scoláirí Seán Ó Tuama agus Kenneth Jackson.
Cuireadh a cáil go buaic ar an Luan, 3 Lúnasa 1969, nuair a socraíodh leac ghreanta ina seasamh ar a huaigh i nDún Chaoin. Ba é an dealbhóir clúiteach, Séamus Murphy ó Chorcaigh,3 a dhear an leac chuimhneacháin seo. Maoiníodh an togra ón bhfreagairt i bhfoirm síntiús a fuair achainí a shínigh agus a bhrostaigh leathchéad éigin duine, fir agus mná, a bhí chun tosaigh i saol na tíre seo agus i ndúichí eile.4 Dhein an Príomh- Bhreitheamh, Cearbhall Ó Dálaigh (Uachtarán na hÉireann ina dhiaidh sin), an leac a nochtadh go searmanastúil i bhfianaise na gcéadta duine. Ina measc siúd a bhí i láthair bhí scata de dhlúthchairde Pheig; orthu sin bhí an file Seán Ó Ríordáin agus Seán Mac Réamoinn ó Radio Éireann, mar aon le daoine ceannasacha i ngluaiseacht na Gaeilge, ina measc Dónall Ó Móráin, Aindrias Ó Muimhneacháin agus an tAthair Tadhg Ó Murchú (ar mhinic é ina oide faoistine aici). Bhí daoine aitheanta eile i láthair freisin idir pholaiteoirí, scoláirí, an chléir, ealaíontóirí agus scríbhneoirí ó gach cearn den tír. Léigh an sagart paróiste, An tAthair Mícheál Ó Cíosáin leithscéal a sheol Uachtarán na hÉireann, Éamon de Valera, an tUasal Cathal Ó hEochaidh (An tAire Airgeadais ag an am), an Dr Ó Muimhneacháin, Easpag Chiarraí, an Dr de Brún, Easpag na Gaillimhe, an t-aisteoir Mícheál Mac Liammóir, agus a lán eile nach raibh ar a gcumas a bheith i láthair ar an ócáid sin. Ach is dual díograis don deireadh, agus bhí ann ina dteannta sin go léir, slua mór de mhuintir na háite, fir, mná agus páistí.
Tar éis nochtadh na leice, thug Seán Ó Súilleabháin, Cartlannaí Choimisiún Béaloideasa Éireann, óráid uaidh inar dhírigh sé aird ar thábhacht Pheig do chultúr na tíre seo agus don chultúr go hidirnáisiúnta.5 Ghabh sé buíochas chomh maith le Seosamh Ó Dálaigh agus le daoine eile as an obair dhícheallach a dheineadar ag bailiú ó Pheig, ionas go raibh dá bharr anois, a cuid scéalta agus seanchais ar láimh shábhála do na glúnta atá le teacht. Ba chuí ar fad mar d’aithris Liam Budhlaeir go mothálach, an dán ‘Ar Uaigh Mo Mháthar’ mar chlabhsúr ar an searmanas. Ba é mac Pheig, Mícheál Ó Gaoithín a chum, ach níorbh fhéidir leis bheith i láthair de bharr tinnis. Tuairiscíodh an ócáid go forleathan sna nuachtáin áitiúla agus náisiúnta, agus ar Radio Éireann. 6
Anois, leathchéad bliain tar éis a báis, tá cáil Pheig scaipthe níos faide fós. Tá na leabhair dhírbheathaisnéiseacha, ar a bhfuil a cáil bunaithe, cuid éigin, tá siad léite ag na céadta míle léitheoir sa Ghaeilge bhunaidh nó san aistriúchán Béarla. Tá fáil orthu chomh maith i roinnt teangacha eile agus tá an chuma air go mbeidh fáil orthu i dteangacha eile amach anseo.7 Tá cuid de sheanscéalta Pheig curtha i gcló agus iad aistrithe go Béarla8 agus go teangacha eile, ar a bhfuil Fraincis, Gearmáinis, Sualainnis, Rómáinis agus Seapáinis. 9
Tá aitheantas tugtha de réir a chéile don tábhacht a bhain- eann leis an eolas go léir a chuir Peig ar fáil faoin iliomad gné den saol ina ceantar dúchais; tá tagairtí dó sna céadta, nó b’fhéidir na mílte, foilseachán scolártha, agus ní le teanga na Gaeilge ná a litríocht ná a béaloideas amháin a bhaineann siad, ach le mórán ábhar eile freisin. Níl cuntais i bhfoirm leabhar ar shaol agus ar shaothar Pheig foilsithe fós, ach is ró-líonmhar iad na hailt, scolártha nó eile, ina bhfuil plé orthu. Dírítear mórán airde ar Pheig i scoileanna agus in ollscoileanna, agus is iomaí siompóisiam agus comhdháil atá tugtha suas di. Ní lú ná mar atá faillí déanta ag na meáin inti le blianta beaga anuas, mar tá cláracha ina taobh craolta ag Radio Éireann agus ag RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is sampla maith díobh sin, clár Chathail Póirtéir, Peig: Reflections on an Old Woman, sa tsraith de chláracha faisnéise ar údair an Bhlascaoid, a craoladh ar dtús i 2003; bhí go leor údar agus scoláire páirteach sa chlár seo agus spreag sé mórán spéise agus cainte. Craoladh roinnt cláracha teilifíse bunaithe ar Pheig chomh maith, agus sa chomhthéacs seo, is ceart tagairt faoi leith a dhéanamh do scannán Bhreandáin Feiritéar, Slán an Scéalaí a craoladh ar dtús i 1998, agus a athchraoladh roinnt uaireanta ó shin.
Ach ní hamhlaidh in aon chor go bhfuil gach gné den aird a díríodh ar Pheig moltach uirthi. Má léirigh criticeoirí ardmheas ar a cumas teanga agus a bua mar scéalaí, is minic freisin í cáinte mar scríbhneoir nach bhfuil thar mholadh beirte. Tá maoite go dtéann an grá a léirigh sí dá teanga dhúchais thar cailc agus gur seafóideach é; go bhfuil a grá tíre róshimplí, agus a cráifeacht rómhaoithneach agus róchaointeach.
Ní furasta freagra a thabhairt ar na gceist ‘Cérbh í an Pheig Sayers úd?’ Ba dhuine í a bhí i bhfad ní ba chasta ná mar a mheas lucht a molta ná a cáinte.
Tá na príomhghnéithe de shaol Pheig simplí go leor. Cé go ndealródh siad neamhghnách agus drámatúil dúinne inniu, ní raibh mórán as an ngnáth ná aisteach ag baint leo ag an am sa cheantar inar mhair sí. Mar sin féin, ní féidir tuiscint a fháil ar Pheig agus a bearta, gan scéal a beatha a chur i suim. Fágann sin, gur gá an scéal sin a ríomh sula dtabharfar aghaidh ar phointí níos tromchúisí nuair a bheidh a sainbuanna á soiléiriú. Mar a luadh thuas, ba dhaoine bochta iad tuismitheoirí Pheig, ach bhí a gcomharsana go léir, geall leis, ar aon dul leo, agus d’fhág sin nár ghoill an bhochtaineacht orthu oiread agus a dhéanfadh mura mbeadh an scéal amhlaidh. Saolaíodh Peig i mBaile an Bhiocáire go luath tar éis dá tuismitheoirí aistriú ann ó Fhionntrá. B’as an bparóiste sin dá hathair agus b’as Com Dhíneol, baile fearainn eile i bparóiste Dhún Chaoin, dá máthair. I bhFionntrá a saolaíodh a deartháireacha Pádraig agus Seán, mar aon lena deirfiúr Máire, agus bhí siad seo cuid mhaith níos sine ná í. I ndiaidh dóibh sin a bheith saolaithe, de réir Pheig féin, chaill a máthair go leor leanaí, agus is mar gheall ar sin agus tubaistí eile a d’aistrigh siad ó Fhionntrá. Bíodh sin amhlaidh nó ná bíodh, bhí a tuismitheoirí breá sásta lena n-aistriú agus bhí ríméad an domhain orthu nuair a saolaíodh bábán óg dóibh. Ó thaobh an linbh sin de, mar a léiríonn sí ina dírbheathaisnéisí, bhí meas aici ar a hathair agus grá dá máthair.
Bhí i bhfad níos mó daoine i mBaile an Bhiocáire an uair sin ná mar atá anois, agus de réir a chéile, chuir an cailín óg aithne ar an saol ina timpeall. Bhí sí meabhrach géarchúiseach agus dá mhéid a thug a súile faoi deara, ba mhó fós a thóg a cluasa isteach. Ní mór na deiseanna siamsaíochta d’óg ná do shean a bhí ar fáil san áit, ach ní raibh aon easpa comhrá ann. Bhí pobal an pharóiste tumtha go hiomlán i gcultúr béil na Gaeilge, cé nach raibh a bhformhór mór inniúil ar Ghaeilge a scríobh ná a léamh, agus ní raibh labhairt an Bhéarla acu, ach go briotach. Airíodh bua cainte mar thabhartas faoi leith sa phobal seo agus bhí meas ar an té a bhí in ann é féin a chur in iúl go cruinn beacht agus a d’fhéadfadh craiceann a chur ar scéal.
Bhí nós na bothántaíochta i réim fós i gCiarraí an tráth sin – thugadh daoine cuairt ar thithe na gcomharsan san oíche d’fhonn scéalta nua a phlé agus seanscéalta a chur sa tsiúl – agus ba mhinic le Seán Sayers, a dheirfiúr óg a bhreith leis agus é ag tabhairt aghaidh ar na botháin. Chuala sí mórán Éireann scéalta faoi eachtraí a tharla san am fadó ar na hócáidí seo, agus níos mó arís díobh ina tigh féin nuair a thugadh cairde a hathar cuairt air. Chuir sí spéis an domhain iontu agus choinnigh ina cloigeann go héasca iad mar bhí cuimhne thar na bearta aici.
Dhein duine cuideachtúil di agus b’in tréith a lean léi ar feadh a saoil. Leanbh neamhghnách ab ea Peig sa mhéid gur mhór an sásamh a bhaineadh sí as comhluadar seandaoine, rud a d’fhág, gan amhras, cuma sheanchríonna uirthi. Ach bhí seans aici leis cairdeas a bhunú le cailíní a comhaoise, go háirithe nuair a thosaigh sí ar an scoil, rud a dhein sí go hóg, mar ba ghnách ag an am. Thaitin an scoil léi agus dealraíonn gur scoláire maith í. B’ábhar maoite aici ar feadh a saoil gur mhúin an fear cáiliúil sin, Seán Ó Dálaigh í, (‘An Common Noun’ a bhíodh mar ainm cleite aige) – athair an bhailitheora béaloidis, Seosamh Ó Dálaigh, a mbeadh ról tábhachtach aige ina saol níos déanaí.10 Ach ní haoibhneas ar fad a bhí ag Peig ina hóige. Bhí sí suaite, mar shampla, ag drochshláinte a máthar (nár soiléiríodh riamh cad ba chúis leis). Mar sin féin, ar an mórchóir, bheadh sé cruinn a rá go raibh óige shona aici.
Ach ní leanfadh an scéal amhlaidh. Mheas Peig féin gur ceileadh a hóige uirthi. Thosaigh na tubaistí nuair a phós a deartháir, Seán, agus thug a bhean, Cáit, chun cónaithe sa tigh leo. D’iompaigh sí sin i gcoinne Pheig agus mheas gurbh ualach ar an líon tí í. Dá bharr sin, b’éigean do Pheig an scoil agus an tigh a fhágaint, gan í fós ceithre bliana déag d’aois, agus dul in aimsir. Chuaigh sí ag obair i dtigh mhuintir Churráin sa Daingean. Bhí ceann de na siopaí ba mhó ar an mbaile acu, sa tSráid Mhór – siopa atá fós ann agus cuid mhór de bhlas an tseansaoil air. Ní nach ionadh, mhothaigh an cailín óg uaigneach agus cráite ar dtús – í deighilte amach óna clann féin in áit a bhí stróinséartha ar fad di, agus teanga ina timpeall nárbh í a teanga dhúchais í.
Ach chuaigh sí i dtaithí ar a saol nua, a bhuíochas do chineáltas a fostóirí (a labharaíodh Gaeilge le chéile de ghnáth, cé gur Béarla a labhraídís lena gclann), agus go mór mór do mháthair aosta a máistir, Nain, nár labhair faic léi ach Gaeilge. D’éirigh sí sin an-cheanúil ar an gcailín a bhí chomh sásta agus fiú cíocrach, éisteacht leis na scéalta a bhí aici. Réitigh Peig go maith freisin le mac agus iníon a máistir, leanaí a bhí cóngarach go leor in aois di féin. Tháinig críoch lena biaiste in aimsir sa Daingean, áfach, nuair a theip ar a sláinte (níor soiléiríodh cén bhreoiteacht a bhuail í féin ach an oiread). Pé scéal é, cheap Peig nach raibh aon leigheas ar a cás ach filleadh abhaile ar feadh tamaill.
Dhein sí sin, agus ba ghearr go raibh sí sláintiúil a dóthain le dul in aimsir arís. An babhta seo chuaigh sí ag obair ar fheirm i gCnoc an Bhróigín i bparóiste Chill Dromann, cúpla míle siar ó thuaidh ón Daingean. Caitheadh go suarach léi ansin agus tugadh uirthi obair fir a dhéanamh. Deireann sí faoina fostóirí agus a gclann, go rabhadar gallda, ag tabhairt le fios, is dócha, gurb é an Béarla a dteanga laethúil.
Ba é a t-aon bhealach éalaithe as a cruachás ba léir do Pheig ná dul ar imirce go Meiriceá – an bhrionglóid a bhí ag mórán buachaillí agus cailíní óga ag an am. Gheall cara scoile di, Cáit Jim, a bhí imithe anonn cheana féin, go gcuirfeadh sí costas an phasáiste chuici, ach nuair a theip uirthi siúd a geallúint a chomhlíonadh, dúnadh an doras éalaithe sin leis ar Pheig.
Níorbh aon rogha róthaitneamhach di leanúint le saol ainnis an chailín aimsire ar bheagán pá, agus thoiligh sí ansin glacadh le tairiscint phósta ó Phádraig Ó Guithín, iascaire ón mBlascaod Mór, oileán mara trí mhíle amach ón míntír i nDún Chaoin. Bhí Pádraig (‘Peatsaí Flint’ mar a thugtaí air) naoi mbliana níos sine ná í, agus pósadh iad i mBaile an Fheirtéaraigh ar an 13ú lá d’Fheabhra 1892. Cleamhnas a deineadh eatarthu, agus leath Peig féin an scéal nach bhfacadar a chéile riamh nó go dtáinig Pádraig go tigh a hathar á hiarraidh mar chéile. Tharlódh, áfach, gur áiféis bheag mhagúil uaithi é seo, go háirithe ón uair gur admhaigh sí níos déanaí ina saol go raibh aithne aici ar Pheatsaí sular phósadar. Pé scéal é, is cinnte go bhfuil breall orthu siúd a mhaíonn nár chás rómhór – ná in aon chor – léi Peatsaí. Ba é a mhalairt a bhí fíor, mar tá roinnt mhaith fianaise go raibh sí an- sásta lena céile lúfar láidir, a raibh a ainm in airde mar rámhaí agus mar iascaire, agus le himeacht aimsire, gur mhéadaigh freisin ar an taitneamh a thug sí dá dheisbhéalaí agus dá mheabhair chinn. 11
Bhí an teaghlach ar tháinig Peig isteach ann thar a bheith líonmhar – fiú mar theaghlach ar an mBlascaod. Bhí beirt tuismitheoirí a céile ann mar aon le deartháir agus beirt deirfiúracha dó, agus gan aon duine acu sin pósta. Réitigh Peig go maith leo agus bhí siadsan breá sásta léi. Shnaidhm sí dlúthchairdeas le bean ar an Oileán, Cáit Ní Bhriain. Ní raibh an t-uaigneas a bhíodh á ciapadh go minic roimhe sin ag goilliúint anois uirthi, go mór mór ó thosaigh na leanaí á saolú di. Saolaíodh an chéad leanbh di, Muiris, geall le seachtain sula raibh sí bliain iomlán pósta. Bhí seisear eile clainne aici ina dhiaidh sin (de bhreis, is cosúil, ar thriúr eile a cailleadh go luath tar éis a saolaithe,12 rud a bhí coitianta go maith san am sin). Triúr mac a bhí aici, Pádraig, Mícheál agus Tomás, agus triúr cailíní, Cáit, Siobhán agus Eibhlín (Neil). Saolaíodh Neil, an leanbh ab óige i 1911, agus bhí Tomás, an té ba ghiorra di sa chlann, ocht mbliana níos sine ná í. Bhí a croí agus a hanam ag Peig sna leanaí, agus ba throm an buille uirthi é dá bhrí sin, gur cailleadh Siobhán leis an mbruitíneach agus í timpeall ocht mbliana d’aois.
Ní raibh sa mhéid sin ach réamhfhógra ar shraith tubaistí a thosaigh le ceiliúradh shláinte Pheatsaí (ní lú ná mar a sonraíodh a ghearán siúd) agus ina dhiaidh sin, bás tragóideach Thomáis, a thit le haill ar an 18ú lá d’Aibreán 1920. I bhfómhar na bliana sin d’imigh a mac Pádraig ar imirce go Meiriceá, agus i ndeireadh na bliana 1922 chuir sé costas an phasáiste go dtí a dheirfiúr Cáit. San Aibreán dar gcionn cailleadh a céile in aois a 61 bliain, agus ba ghearr gur thosaigh na leanaí a bhí fós sa bhaile, ar a n-aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá, duine ar dhuine, mar a dhein mórán nach iad ar an mBlascaod.13 Ba é Mícheál, ar a dtugtaí ‘An File’, an duine deireanach díobh a d’fhág, agus d’imigh sé sin i 1929. Ar feadh tamaill ansin, bhí Peig díreach chomh huaigneach agus chomh cráite céanna agus a bhí sí sna blianta deireanacha sular phós sí. Ní raibh sa tigh anois léi ach a deartháir céile Mícheál, ar a dtugtaí ‘Codaí’, agus bhí tonn den aois ar siúd agus é leathchaoch. Tharla na himeachtaí seo go léir sa tréimhse ina raibh saol sóisialta agus eacnamaíocht an Oileáin ag titim siar go mór, agus caolsheans – má bhí seans ar bith ann – a bheadh ag Peig aon duine dá clann a fheiscint go deo arís. Ba ghearr eile go bhfuair sí scéala gur cailleadh go tubaisteach a mac Muiris i Meiriceá.
Ach bhí de thoradh ar an lagtrá mór i gcúrsaí eacnamaíochta thall, nár éirigh lena mac Mícheál obair a aimsiú agus d’fhill sé abhaile. I dtreo dheireadh na 1920í freisin, tharla cor nua chun feabhais i saol Pheig mar bhí a clú mar bhean eolgaiseach a bhí dea-bhriathrach thar an gcoitiantacht, á bhuanú i measc teangeolaithe agus scoláirí eile ón tír seo agus ón iasacht, agus b’aoibhinn ar fad le Peig a gcomhluadar siúd. Chuireadar sólaistí beaga ar fáil di chomh maith, tobac dá píopa – a raibh dúil mharfach aici ann, mar a bhí ag seanmhná eile ar an mBlascaod agus braonaíocha beaga fuisce nach raibh aon doicheall aici rompu ach oiread. Faoin am gur fhill a mac ó Mheiriceá, bhí cáil Pheig á leathadh cheana féin. Mar is léir ón iliomad grianghraf, líníocht agus pictiúr, bean bhreá ab ea í; déarfadh scata gur bhean álainn í. Bhí cuid acu sin a bhí ina comhluadar an-tógtha lena súile beoga glasa agus a lámha geáitsiúla.14 Mar sin féin mar a thuigfí óna leasainm, ‘Peig Mhór’15 (nár leasc léi a thabhairt uirthi féin), bhí sí teann téagartha ach le himeacht na mblianta, chuaigh a haclaíocht ar gcúl.
Ba léir nach n-oirfeadh saol ar an Oileán, i bpobal a bhí scoite amach agus ag síothlú, gan sagart ná dochtúir, do bhaintreach a bhí ag dul in aois agus gá aici le cúram spioradálta agus leighis. Ar an mbonn sin, bheartaigh Peig agus a mac aistriú go dtí an míntír. Chuireadar fúthu ansin sa bhaile fearainn céanna a d’fhág Peig leathchéad bliain roimhe sin, agus is ann a thug sí formhór de bhlianta eile a saoil. Bhí na chéad bhlianta ann sona go maith agus lean scoláirí ón tír seo agus ón iasacht ag triall uirthi mar aon le daoine eile ar mhór acu í.
Ach bhí a sláinte ag dul chun donais an t-am ar fad. Bhí sé de mhí-ádh uirthi gur bhris sí a cos, ospairt a chuir sí síos, idir shúgradh is dáiríre, do sprid mhná feasa sa cheantar a mhaslaigh sí i ngan fhios di féin.16 Bhí a radharc ag dul in olcas de réir a chéile nó gur éirigh sí dall ar fad sa deireadh. Aithníodh go raibh ailse ina carball – seans gur iomarca den phíopa ba chúis leis. Le linn di a bheith faoi chúram dochtúra, chaith sí tamall gearr in ospidéal Naomh Anna i mBaile Átha Cliath. Ba é seo an chéad agus an t-aon bhabhta aici a bheith sa phríomhchathair, nó go deimhin, in aon áit lasmuigh dá contae dúchais. Chaith sí na blianta deireanacha dá saol ag coimeád na leapa in ospidéal Naomh Eibhlís sa Daingean. Ach níor scar a haigne bheacht léi ná a cuimhne iontach, ná a spéis i ndaoine, ná a cumas cách a tháinig a dteagmháil léi a chur ar a suaimhneas agus a bheith fáilteach rompu. Is finné mé féin ar an méid sin mar bhí sé de phribhléid agam bualadh léi an bhliain sular cailleadh í. Dúirt a mac Mícheál, a bhí ag leaba a báis, mar aon lena comharsa béaldorais Muiris Ó Lúing, gur chuir sí in iúl sna focail dheireanacha a labhair sí gur mhór an trua iad san go léir a bhíonn ag tabhairt aghaidh ar an mbás17 – ráiteas a léiríonn an dámh a bhí aici le gach daonnaí agus a tuiscint don phian dhosheachanta a leanann an bheatha dhaonna.
Níl luaite sa lomchuntas thuas ar bheatha Pheig ach an beagán beag d’imeachtaí a saoil, agus is lú fós atá ann faoinar eol i dtaobh a mothúchán agus a freagairt do na sóláis agus na dóláis a chas ina treo. Is ionadh saolta a bhfuil ar eolas fúithi, a bhuíochas sin don dá leabhar dhírbheathaisnéiseacha, go háirithe Peig: A scéal féin (foilsithe den chéad uair i 1936), ach Machtnamh Seana-mhná (1939) leis, agus mar aon leo sin, an leabhar a foilsíodh faoi ainm a mic, Mícheál Ó Gaoithín, Beatha Pheig Sayers (nár foilsíodh go 1979, ach gur léir gur scríobhadh cuid de ar a laghad, agus Peig beo). Mar is léir ón réamhrá le dírbheathaisnéis Mhichíl féin, Is Truagh ná Fanann an Óige (a aistríodh go Béarla faoin teideal It Is a Pity Youth Does not Last), críochnaíodh é i 1942 (cé nár foilsíodh é go dtí 1953), agus d’fhéadfaí é seo leis a áireamh mar chuid dhílis d’oidhreacht liteartha Pheig. De bhreis orthu sin go léir, tá trácht ar Pheig i roinnt leabhar eile faoin mBlascaod agus tá cuntais iomadúla uirthi, agus go leor ráitis fúithi, ar fáil ó dhaoine a raibh aithne mhaith acu uirthi.
Ní i gcónaí a réitíonn siad seo le chéile ná leis an léiriú ar Pheig a fhaightear ina dírbheathaisnéisí. Toisc gur amhlaidh atá, ní hionadh go mbeadh criticeoirí áirithe den tuairim gur léiriú neamhiomlán aontaobhach ar an údar atá in Peig, agus fós gur mhaisigh tionscnóirí an leabhair, an t-eagarthóir Máire Ní Chinnéide agus daoine eile, a híomhá d’fhonn freastal ar aidhmeanna náisiúnta agus polaitiúla.18 Ó tharla gan fáil ar lámhscríbhinní (ná fiú profaí) is deacair na tuairimí seo a dhearbhú ná a bhréagnú. Nuair a fhéachtar le ladar daoine eile a aithint i scéal Pheig, is castacht bhreise í go raibh Peig gan scríobh ná léamh na Gaeilge, ach gurbh amhlaidh a dheachtaigh sí a leabhair dá mac Mícheál. Le linn don obair sin a bheith ar bun eatarthu, is léir nach bhféadfaidís gan plé a dhéanamh ar leagan amach agus ar ábhar na leabhar. Is maith is fiú cíoradh níos géire a dhéanamh ar na ceisteanna crosta seo ná mar is féidir anseo. I mo thuairimse, ar aon nós, téitear i bhfad thar cailc nuair a mhaítear gurb é Mícheál is údar do thuairimí áirithe i leabhair Pheig nach réitíonn le blas na haoise seo. Mar rud amháin, tuigim ó mo mhóraithne phearsanta ar Mhícheál, gurb í an fhírinne atá aige ina ráiteas sa réamhrá le Peig, mar a ndeireann sé, in aon fhocal amháin, gur scaoil sé cead a cinn lena mháthair, gan aon chur isteach a dhéanamh uirthi. 19
Tuigimid ón eolas go léir atá ar fáil faoi Pheig, go raibh sí chomh daingean neamhspleách sin inti féin, gur ar éigean a cheadódh sí dá mac aon rud a chur sa leabhar in éadan a tola, fiú dá mba mhian leis é. Ní móide, áfach, gurbh fhonn leis a leithéid a dhéanamh i bhfianaise a mhinice a thagair lucht aitheantais don dlúthchaidreamh a bhí idir máthair agus mac, agus a chóngaraí is a bhí a dtuairimí dá chéile, go háirithe maidir leis an ngrá a bhí acu beirt dá dtír, dá dteanga agus dá gcreideamh. Tá a lán fianaise ar thuairimí Pheig faoi na pointí sin ó fhoinsí eile seachas na leabhair, agus is léir gur gheall le constráid amháin gan deighilt aici, tír teanga agus creideamh. Tá friotal ar an ngné seo dá meon sna taifeadtaí a ghabhann leis an bhfoilseachán seo. Pé dearcadh a bheadh ag duine ar na ceisteanna seo, is ar éigean a bheadh sé ceart ná cóir a shéanadh go bhfuil tuairimí agus mothúcháin Pheig maidir leo, léirithe go fírinneach sna leabhair. Tá an rud céanna fíor faoin duairceas agus faoin olagón i dtaobh ghiorracht na hóige agus neamhbhuaine an tsaoil, gur geall le téamaí leanúnacha iad in Peig agus Machtnamh Seana-mhná, agus gur uisce ar a muileann siúd iad ar mian leo an tuairim bhréagach a chur chun cinn nach raibh Peig riamh óg, ach gur seanbhean chaointeach a bhí inti i gcónaí. Ach nuair a chuirtear san áireamh an cruatan go léir a d’fhulaing Peig, an bhféadfadh aon duine a rá go macánta nach raibh sí i dteideal friotal a chur ar a brón agus a briseadh croí?
Ní ceart, ach an oiread, a ligean i ndearmad go bhfuil trácht ar a lán nithe pléisiúrtha in Peig – féilte agus ócáidí spraoi lena clann agus a cairde, aoibhneas agus áilleacht an dúlra, agus mórán nithe eile. Ní thugtar cothrom na Féinne do Pheig ach oiread, má áitítear go gcuireann sí í féin i láthair sna leabhair mar dhuine ceartaiseach gan locht. Tá áiteanna in Peig, agus níos mó arís acu sna leabhair eile, ina n-admhaíonn sí go raibh sí ciontach i gcleasaíocht, i mímhacántacht, i mionghadaíocht agus in iompar eile a thaispeáineann nárbh aingeal ar fad í.
Tá tuairimí éagsúla curtha chun cinn maidir le fiúntas liteartha leabhar Pheig. Ar an mórchóir, is dócha gurbh fhíor a rá, go bhfuil athrú ar dhearcadh an phobail ina leith ón ardmheas a bhíodh orthu tráth, go dtí an tuiscint reatha gur moladh thar a gceart iad. Tá aird dírithe go háirithe ar laigí sa struchtúr agus sa charachtarú (níos follasaí in Machtnamh ná in Peig). Ba é an buille ba thubaistí ar a cáil, Peig a chur ar an gcuraclam Gaeilge i scoileanna dara leibhéal an Stáit i 1962 – rud gan dabht, nach raibh an leabhar in oiriúint chuige in aon chor. Chothaigh seo an oiread gráin áiféiseach uirthi go ndeirtear fiú go mbaineadh buachaillí scoile an clúdach ar a raibh pictiúr Pheig den leabhar agus go ngreamaídís ar an bhfalla é d’fhonn é úsáid mar sprioc chun caitheamh leis!20 Tá a lán daoine, go háirithe ina measc siúd gur fuath leo Peig, agus a chuireann an milleán uirthi faoina neamhshuim féin sa Ghaeilge nó a n-éagumas ina labhairt, go raibh feachtas, geall leis, ar siúl acu go dtí le déanaí, d’fhonn drochmheas a tharraingt uirthi. D’fhéachadar léi féin agus a leabhair a ionannú le gach rud a d’áireofaí a bheith seanaimseartha, ar dhroch-chaighdeán agus leamh.21 Ar an dea-uair, dealraíonn an meon seo a bheith ag dul i léig, agus b’fhéidir nach fada go mbeidh deireadh ar fad leis nuair nach téacs riachtanach ar shiollabas na scoileanna é Peig feasta.
Pé fiúntas liteartha a bhaineann le leabhair Pheig, ní fhéadfadh aon duine a shéanadh ná gur cumasach é a máistreacht ar an teanga, gur ollmhór é saibhreas a foclóra, agus gur taitneamhach é tomhaisteacht a habairtí. Chuaigh an tslí ealaíonta ina dtug sí cuntas ar a lán eachtraí i bhfeidhm ar fhilí agus ar scríbhneoirí, leithéidí Sheáin Uí Ríordáin agus Sheáin Uí Thuama, beirt a bheadh ar na daoine is grinne breithiúnas maidir le fiúntas liteartha. Bhí Ó Ríordáin den tuairim gur dheacair scríbhneoir eile Gaeilge a aimsiú a bheadh in ann comhrá a chumadh a bheadh chomh beoga chomh réidh chomh nádúrtha leis an gcomhrá i leabhair Pheig. Ní foláir dúinn freisin a bheith aireach, mar a mheabhraigh Ó Tuama dúinn, nach nglacfaimis leis na cuntais a thugann Peig ar eachtraí ina saol mar aithinsintí loma ar rudaí a tharla. A mhalairt ar fad atá fíor, dar leis, mar go bhfuil gach aon rud a thuairiscíonn Peig seacht n-uaire níos fearr ná cuntas lom beacht ar an eachtra féin. Sháraigh a haigne chruthaitheach fhileata an réaltacht lom i gcónaí.22 Ní féidir a shéanadh ach an oiread, ná go mbaineann fiúntas thar na bearta le leabhair Pheig mar cháipéisí sóisialta; ní móide go bhfuil aon fhoinse eile is fearr ná iad a thugann léargas ar shaol na mban i nDún Chaoin ná ar an mBlascaod i ndeireadh an 19ú haois agus ag tús an 20ú haois.
In ainneoin na mbuanna go léir is féidir a áireamh mar mholadh ar na dírbheathaisnéisí, d’fhéadfaí a áiteamh gurb é an tábhacht is mó a bhaineann leo ná gurb iad faoi deara, roinnt éigin, níos mó eolais a bheith ar fáil faoi Pheig ná mar atá, geall leis, faoi aon bhean Éireannach eile dá linn. In ainneoin a bhfuil d’eolas ann faoi Pheig, féach nach mar bhean a smaoiníonn go leor daoine uirthi ach mar leabhar. Ach is é fírinne an scéil nach mbaineann a tábhacht i ndáiríre le leathanaigh chlóite na ndírbheathaisnéisí a dheachtaigh sí dá mac, ach leis an líon dochreidte scéalta agus eachtraí a bhí ina seilbh. Is ina healaín bhéil, den chuid is mó, a léirítear buaic a fiúntais, agus ní ina leabhair, ná mar údar ná scríbhneoir sa ghnáthchiall. Ní lú ná mar a chum sí féin na scéalta a d’inis sí go slachtmhar, ná ní raibh siad bunaithe mórán uirthi féin ná ar imeachtaí na linne. Ba scéalta traidisiúnta iad a cuireadh ar aghaidh trí na glúnta, ó bhéal go béal, agus bhí fréamhacha chuid acu na céadta, nó fiú na mílte bliain siar; ach dhein sí siúd a cuid féin díobh ag bualadh branda a pearsantachta, a saoldearcaidh agus a taithí féin orthu.
Ó thaobh a raon, a bhfiúntas agus a n-éagsúlacht, tá na scéalta seo de chuid Pheig i bhfad chun tosaigh ar a dírbheathaisnéisí. Tá suas le 5000 leathanach lámhscríofa d’ábhar béaloidis a bailíodh uaithi i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, Lár-Ionad Uí Dhuilearga, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath,23 agus tá roinnt mhaith ábhair eile uaithi i gcló i bhfoinsí éagsúla le cur leis an méid sin.24 Fiú munar scéalta traidisiúnta amháin atá sna cnuasaigh seo, is cinnte gur scéalta traidisiúnta formhór dá bhfuil iontu. Is minic ráite é go raibh 375 scéal i repertoire Pheig, agus tharlódh, go deimhin, go bhfuil an figiúr sin cruinn go leor.25
Ní nach ionadh, bheadh duine fiosrach maidir le cathain, cén áit agus conas a chuir Peig le chéile an stór ollmhór scéalta a bhí aici, stór a fhágann gurb í an scéalaí is mó le rá in Éirinn í, nó b’fhéidir fiú, sa domhan trí chéile. Tá a lán taighde le déanamh fós sular féidir freagra críochnúil a thabhairt ar an ceisteanna seo, ach mar sin féin, tá cuid mhaith ar eolas le cinnteacht, cheana féin. Is aisteach gur fir is mó go raibh tionchar acu ar an mbean seo a bhí ina banríon ar bhanscéalaithe. Bhí a hathair, Tomás Sayers, áirithe ar dhuine de na scéalaithe ab fhearr lena linn26 agus ba é siúd, i bhfad Éireann níos mó ná aon duine eile, a mhúnlaigh Peig ina scéalaí. Is uaidh a fuair sí trí ceathrúna, ar a laghad, dá cuid scéalta. Tá a lán acu seo suite i bhFionntrá, nó tá le brath orthu gur as sin dóibh, agus, níos minice ná a chéile, bheidís seo foghlamtha ag Peig agus í ina leanbh nó ina cailín óg. Seachas a hathair, ba é a fear céile Pádraig an scéalaí is mó a raibh meas ag Peig air. Thóg sé siúd a chuid scéalta ar a thurais go Com Dhíneol, an baile fearainn i nDún Chaoin arbh as máthair Pheig, agus a thuilleadh fós acu ó iascairí Uíbh Ráthaigh. Ach thóg Peig scéalta ó go leor daoine eile freisin ag trátha éagsúla dá saol. Bheadh mná orthu seo leis, ina measc a máthair, a deirfiúr Máire, agus Nain, máthair a fostóra sa Daingean, Séamas Ó Curráin. D’fhoghlaim sí roinnt scéalta óna deartháir Seán chomh maith agus ó chomharsana i nDún Chaoin agus ar an mBlascaod. Is fíor dá réir sin, gur léiriú iad scéalta Pheig ar sheantraidisiún dílis a clainne agus go rabhadar fréamhaithe go doimhin in ithir a dúchais. Chuir a mac Mícheál roinnt míreanna spleodracha le stór scéalta Pheig; bhí scéal a chuala sé i Meiriceá ar cheann acu, agus cúpla eachtra eile gur ón litríocht dóibh, ceann acu, aisteach go leor, a d’eascair as Decamerone Boccaccio.27
Fiú mura dtiocfadh aon bhailitheoir béaloidis riamh chomh fada le Peig, seans go bhféadfaí tuairim ghrinn a chaitheamh gurbh í an scéalaíocht a príomhbhua seachas breacadh leabhar dírbheathaisnéiseach. D’fhéadfaí dul amach ar an méid sin ón tslí ar chuir sí cuid dá scéalta traidisiúnta isteach sna leabhair. Go deimhin, tá léirmheastóirí grinne ann a áireodh na sleachta seo ar an gcuid is fearr de na scríbhinní sin. Ní hionadh ach oiread gurbh é an caibidil a roghnaigh an béaloideasóir Sualannach Carl Wilhelm von Sydow, le haistriú – an té a chéadchuir Peig i láthair léitheoirí ón iasacht – ná an caibidil a thuairiscíonn conas mar chaith Peig an Nollaig sa Daingean gona chuntas mothálach ó bhéal Nain ar eachtra mhíorúilteach faoin Maighdean Mhuire agus Naomh Bríd.28
Mar sin féin, mura mbeadh an obair dhúthrachtach dhícheallach a dhein a lán bailitheoirí, agus mura mbeadh fís agus cumas eagraithe roinnt scoláirí, go háirithe Séamus Ó Duilearga agus a chomhghleacaithe sa Chumann le Béaloideas Éireann agus i gCoimisiún Béaloideasa Éireann,29 ní bheadh ach samplaí fánacha de scéalta Pheig ar fáil do na glúnta atá le teacht.
Bhí breis agus dosaen duine a chuaigh i mbun béaloideas a bhailiú ó Pheig; bhí fir agus mná orthu ó leathdhosaen tír, iad difriúil ó thaobh aoise, agus éagsúlacht mhór ina dtaithí saoil.
Ní féidir a rá le cinnteacht cérbh é an chéad duine a bhailigh béaloideas ó Pheig. Ina chuimhní cinn, maíonn Cormac Ó Cadhlaigh, Conraitheoir a ceapadh ina dhiaidh sin mar Ollamh le Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, gurbh é féin an té sin. Dealraíonn nach raibh aon scéalta i measc an ábhair a bhailigh sé sin ó Pheig le linn do tréimhse a chaitheamh ar an mBlascaod ina fhear óg i 1907 – téacsanna amhrán agus seanfhocail amháin a thóg sé. Tá an bailiúchán sin imithe amú, faraor, ach thóg bailitheoirí eile síos formhór na n-amhrán atá luaite faoina dteideal aige ina chuimhní cinn. Ní móide, áfach, go raibh aon chaidreamh ródhlúth idir Ó Cadhlaigh agus Peig. Tar éis an tsaoil, de réir a chainte féin, is Bean Uí Ghuithín a thugadh sé uirthi – beannú nach bhféadfadh gan a bheith aduain di siúd, óir choinnigh sí a sloinneadh féin tar éis di pósadh – rud ba ghnách le mná na Gaeltachta a dhéanamh.
Ní scoláirí ná cuairteoirí ar an Oileán a bhailigh na chéad mhíreanna béaloidis ar marthain ar féidir iad a rianadh le cinnteacht siar go Peig. A clann féin a sholáthraigh iad agus chuireadar isteach iad mar thairiscintí don iris Ghaeilge, An Lóchrann. Chuir Cáit, an iníon is sine a bhí ag Peig, bailiúchán isteach agus í fós ina cailín scoile ina raibh dhá scéal, ‘Siobhán agus Domhnall’ – greannscéal nó manglam de ghreannscéalta a bhí ar eolas go forleathan faoi bheanchéile óinsiúil – agus leagan den chante fable ‘Seán ’ach Séamais’.31 Níl sé soiléir an amhlaidh a scríobh Cáit síos na scéalta seo ó bhéalaithris a máthar nó an amhlaidh a bhí siad cloiste chomh minic sin aici go raibh sí ábalta iad a scríobh óna cuimhne féin. Níl aon cheist, áfach, ná go bhfuil siad chomh cosúil le leaganacha a bailíodh ó Pheig níos déanaí, nach féidir a bheith in amhras ná gur uaithi a tháinig siad.32
Seans gur de bharr na scéalta a scríobh Cáit síos a bheith curtha i gcló, a spreagadh an deartháir ba shine aici, Pádraig, chun leagan den dán ‘Fáilte an Linbh Íosa’, a sheoladh chuig An Lóchrann.33 Seo é an dán céanna sin a d’aithris Peig an chéad Nollaig a chaith sí ina cailín aimsire sa Daingean;34 tá leagan eile de uaithi ar na taifeadtaí seo (mír 15).
Sa bhliain 1910 thug an Sasanach Robin Flower, (‘Bláithín’ mar a thugadh na Blascaodaigh air), saineolaí ar an meánaois agus Leas-Choimeádaí Lámhscríbhinní i Músaem na Breataine, a chéad chuairt ar an mBlascaod, agus thagadh sé ann ar saoire go rialta ina dhiaidh sin. Le linn na chéad chuairte sin, caithfidh gur chuir sé aithne ar Pheig, ar scríobh sé chomh geanúil sin ina taobh ina leabhar The Western Island.36 Níl aon fhianaise againn, áfach, gur bhailigh sé aon ábhar uaithi go dtí deireadh na 1920í.37 Chuir Séamus Ó Duilearga, seanchara a raibh ardmheas aige ar Flower, roinnt de na scéalta a bhí bailithe aige i gcló in Béaloideas: Iris an Chumainn le Béaloideas Éireann, a raibh sé ina eagarthóir air.38 Blianta ina dhiaidh sin, tar éis bhás Flower, chuir Ó Duilearga a thuilleadh de na scéalta a bhailigh sé ó Pheig i gcló faoin teideal ‘Measgra ón Oileán Tiar’.39
Ach fós féin, is i lámhscríbhinn atá fáil ar an gcuid is mó den bhailiúchán a dhein Flower. I measc an ábhair seo tá na taifeadtaí eideafóin a deineadh i 1930, an chéad taifeadadh fuaime de Pheig, agus ceann de na taifeadtaí fada is túisce d’aon scéalaí in Éirinn. Fuair Coimisiún Béaloideasa Éireann seilbh ar na taifeadtaí seo tar éis bhás Flower, agus thrascríobh an bailitheoir lánaimseartha Seosamh Ó Dálaigh iad. Ní mór eile seachas é a bheadh ábalta an gnó sin a dhéanamh mar bhí drochbhail ar na fiteáin. Ní éireodh leis siúd féin é a dhéanamh, mura mbeadh go tráthúil, go raibh ar a chumas iad a sheinm i láthair Pheig, agus a tuairim a fháil ar cad a bhí ráite aici sna háiteanna ina raibh an fhuaim doiléir. Mar ba dhual gairme dó, bhí cíocras ar Flower scéalta gaolmhara dóibh sin a bhí ag Peig, a aimsiú i litríocht na meánaoise in Éirinn agus sa Mhór-roinn, ach bhí tuiscint íogair aige chomh maith d’áilleacht chaint Pheig agus dá healaín in insint scéil, rud is léir óna chuntas breá uirthi in The Western Island.40 Thug sé gean do shaol laethúil na n-oileánach agus ba bhreá leis a bheith páirteach ann; ní raibh Peig ach ocht mbliana níos óige ná é agus dhein dhlúthchara dá cuid de agus ba mhór a meas air, ach más ea, bhí sciar maith magaidh agus sáiteán i gceist sa chairdeas eatarthu chomh maith. ‘Dhéanfainn chomh dána leis agus dhéanfainn leatsa,’ a dúirt sí le Seosamh Ó Dálaigh.
Ba é an chéad duine eile a dhein mórbhailiúchán ó stór bhéaloideas Pheig – ar gheall le tobar gan trá é – ná Kenneth Jackson, mac léinn ó Cambridge, agus scoláire clúiteach Ceiltise níos déanaí. Tháinig sé go dtí an Blascaod Mór ar mholadh Flower chun Gaeilge a fhoghlaim i 1932, agus chaith tréimhse ann gach aon samhradh go dtí 1937. Foilsíodh a bhailiúcháin ó Pheig, seanscéalta agus finscéalta den chuid is mó, in Béaloideas (a bhuíochas arís do spreagadh an Duileargaigh), a bhformhór faoin teideal Scéalta ón mBlascaod.42 Bhí modh bailithe neamhghnách ag Jackson agus b’ábhar mór iontais ar an Oileán é. Nuair a thosaigh sé ar na scéalta a scríobh síos ó bhéalaithris Pheig sa script idirnáisiúnta fhoghraíochta, ní raibh aon tuairim aige cad é an bhrí a bhí leo, mar nach raibh an Ghaeilge ar a thoil aige go fóill. Ach in ainneoin nach raibh, bhí sé ábalta iad a léamh ar ais le cruinneas foghraíochta a bhain leathadh súl as Peig agus gach duine eile. Ansin chuireadh sé ceist ar Pheig faoi ábhar na scéalta agus d’iarradh sé uirthi aistriúchán Béarla a dhéanamh orthu.43 Is furasta a shamhlú cé méid foighne agus dúthrachta a d’éiligh an modh oibre seo ar Pheig.
Ar a shonsan is uile, agus in ainneoin nach raibh ar chumas Jackson, an mac léinn, aon chúiteamh a thairiscint don scéalaí (munarbh ionann agus Flower, a raibh cáil na féile air sna cúrsaí seo), bhí Peig thar a bheith toilteanach cabhrú i ngach aon tslí le Kenneth Jackson nó Cionadh Mac Sheáin, mar a tugadh sa Bhlascaod air. D’fhás caidreamh máthair–mic eatarthu a bhfuil léiriú íogair air i litir (i mBéarla) a scríobh sí chuige tar éis dó filleadh ar Shasana, mar a ndúirt sí I have for you a mother’s love and respect.44 Chúitigh Kenneth a cion máthartha léi mar a léirítear ní amháin in Scéalta ón mBlascaod, ach freisin i dtiomnú a leabhair The International Popular Tale and Early Welsh Tradition (1961),45 saothar inar bhain sé leas éifeachtach as scéalta a bhailigh sé uaithi.
Fear ildánach ab ea Jackson, agus mar a thuigfí óna mhodh bailithe, ba fhoghraí den scoth é. Ar an drochuair, áfach, toisc é bheith chomh tógtha sin le mionsonraí chaint Pheig a léiriú sa trascríobh a dhein sé ón script fhoghraíochta go gnáthlitreacha, chuaigh sé i muinín chóras litrithe aduain. Cé go léiríonn sé foghraíocht Pheig, agus go bhfuil fiúntas faoi leith sna téacsanna do theangeolaithe dá bharr sin, féach nach bhfuil an bailiúchán chomh soléite do léitheoirí eile agus a thuilleann sé a bheith. Ach ar ndóigh, níor shaineolaí Ceiltise amháin é Jackson, agus ar aon dul le Flower, bhí léitheoireacht fhairsing déanta aige i litríocht na meánaoise i mórán teangacha óna lán tíortha, rud atá le sonrú go follasach ar a chuid anótála in Scéalta ón mBlascaod. Níos tábhachtaí fós, b’fhéidir, tá le tuiscint óna chuid anótála – ar a n-áirítear tagairtí do phlé scolártha ar scéalta ar leith, cosúlachtaí idir traidisiún na hÉireann agus traidisiúin eile, agus ar ócáidí freisin, eolas faoin tslí ina bhfuair Peig a scéalta – tá le tuiscint ó na sonraí sin ar fad go bhféadfadh gur béaloideasóir den chéad scoth a bheadh i Jackson, mura mbeadh é a bheith gafa go scolártha leis an oiread sin cúram eile agus é amach sna blianta. Go deimhin, smaoinigh sé tráth ar dhul go Lund na Sualainne d’fhonn staidéar a dhéanamh ar an mbéaloideas faoi threoir Carl Wilhelm von Sydow.46 Ar mhí- ámharaí an tsaoil, chuir tús an Dara Cogadh deireadh leis an bplean seo, díreach mar a chuir sé deireadh le go leor tograí eile a chothódh comhoibriú i réimse léann an bhéaloidis idir Éire agus Críoch Lochlann.
Bhailigh Pádraig Ó Braonáin seacht gcinn de sheanscéalta fada iontais ó Pheig. Bhí cúlra an-difriúil aige ó na bailitheoirí a chuaigh roimhe; státseirbhíseach óg a bhí ann agus é i mbun an bhailiúcháin i dtús na 1930í, agus níos déanaí d’oibrigh sé mar chléireach cúirte sa Ghaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Le linn dó a bheith ar saoire ar an mBlascaod, bhuail sé le cailín áitiúil, Cáit Ní Chearna (‘Cáit Sheáisí’) agus phós sé í.47 Bhí Gaeilge foghlamtha ag Ó Braonáin i bPort Láirge agus máistreacht mhaith aige uirthi, ach ní raibh aon oiliúint scolártha air san fhoghraíocht ná sa teangeolaíocht, agus dá bharr sin, níl léiriú chomh cruinn sna téacsanna uaidh agus atá ag Jackson ar fhoclaíocht agus ar fhuaimniú Pheig. Tá na scéalta a scríobh sé síos ó bhéalaithris i ngnáthlitriú na linne, iontaofa ó thaobh ábhair, rud atá le feiscint ó chuid acu a thóg bailitheoirí eile síos roimhe agus ina dhiaidh. Ní léir cad a thug ar Ó Braonáin tabhairt faoin mbailiúchán: tharlódh gurbh í a spéis sa teanga a spreag é, agus b’fhéidir fós, fonn a bheith air barr feabhais a chur ar a chuid Gaeilge. Pé scéal é, díríodh aird an Duileargaigh ar an mbailiúchán agus cuireadh isteach é le cnuasaigh Choimisiún Béaloideasa Éireann. Deireann nóta ar an lámhscríbhinn i lámh an Duileargaigh gur bhronn an bailitheoir (i litir dar dáta 18 Bealtaine 1934) na scéalta seo (mar aon le scéalta eile a bhailigh sé ó scéalaí eile ar an mBlascaod – an bhean a bheadh mar mháthair chéile aige) ar Choimisiún Béaloideasa Éireann le cead iad a úsáid de réir mar d’oirfeadh.48
Bhí triúr ban i measc na mbailitheoirí a thóg cúpla scéal ó Pheig sna 1930í. Duine acu ab ea Marie-Louise Sjoestedt (Sjoestedt- Jonval tar éis di pósadh) a bhain cáil amach níos déanaí mar theangeolaí agus mar mhiotaseolaí. In ainneoin ‘Máire Francach’ a bheith mar leasainm uirthi, ní raibh inti ach leathFhrancach; ba thaidhleoir Sualannach a hathair a bhí curtha faoi i bPáras. Tá dhá cheann de na scéalta a bhailigh sí ó Pheig curtha i gcló, leagan de scéal Chailín na Luaithe in Revue Celtique 49,50 agus scéal fada rómánsúil faoi bhean ar deineadh tromaíocht uirthi in Description d’un parler irlandais de Kerry.51 Tugtar an dá scéal i bhfogharscríobh agus sa ghnáthlitriú agus tá aistriúchán Fraincise curtha leo. Níor imigh bailiúchán Sjoestedt i ngan fhios do shúil ghéar an Duileargaigh agus thagair sé dó i nóta in imleabhar a ceathair de Béaloideas.52 Thuigfí ón bhfoclaíocht ann, We look forward to the publication … of more tales from the learned contributor’s Kerry collections, go raibh scéalta eile bailithe ag Sjoestedt ó Pheig seachas an dá cheann a bhí i gcló. Tá leideanna eile a thugann an rud céanna le fios, ach, in ainneoin fiosraithe, níor deimhníodh go fóill iad.
Fad a bhí sí ar an mBlascaod, bhí Marie-Louise Sjoestedt páirteach in obair agus i gcaitheamh aimsire na gcailíní óga eile ann. Bhí Máire Ní Ghuithín, ar fhan sí i dtigh a muintire, ina cara mór aici mar a thuairisc sí sin níos déanaí ina leabhar An tOileán a Bhí.53 Ag cur san áireamh gur bhean mheabhrach í Máire a raibh an-aithne aici ar a comharsa Peig, agus go raibh tuiscint faighte aici ó Mharie-Louise Sjoestedt ar a tábhacht, ba chosúil gur bhailitheoir idéalach a bheadh inti ag plé le Peig. B’eol do Shéamus Ó Duilearga leis faoina cumas agus d’fhostaigh sé í ar feadh tamaill mar bhailitheoir páirtaimseartha ar an Oileán. Dhealródh, áfach, gurb amhlaidh a choinnigh sé siar í, seachas í a spreagadh, le scéalta a thógaint ó Pheig; b’fhéidir gur cheap sé an uair sin go raibh dóthain dá cuid scéalta agus seanchais bailithe, nó tharlódh, nár mhaith leis go mbeadh Máire ag cantáil ar ghort a mheasfaí a bhain le Flower agus Jackson. Pé ní ba chúis leis, níor thóg sí ach trí mhír ghearra ó bhéalaithris Pheig, agus ní raibh ach scéal traidisiúnta amháin orthu sin, an finscéal taistealach ‘Tá Rí na gCat Marbh’. Mar sin féin, is minic a thagair Máire Ní Ghuithín do Pheig agus a scéalaíocht níos déanaí ina saol, ina leabhair agus arís in agallaimh thaifeadta a dheineas féin léi sna 1980í.54
Ba í Máire Nic Gearailt, an múinteoir deireanach ar an mBlascaod, an tríú bean a bhailigh ó Pheig. B’as Márthain di féin, ach Blascaodach ab ea a máthair. Thóg sí leagan den scéal cráifeach ‘Mac an Diabhail ina Shagart’56 uaithi faoi scáth scéim Bhailiúchán na Scoileanna, a bheartaigh Séamus Ó Duilearga agus Seán Ó Súilleabháin ó Choimisiún Béaloideasa Éireann.57 I scoil an Bhlascaoid, áfach, murab ionann agus formhór na scoileanna eile a bhí páirteach sa scéim, ba í an múinteoir – seachas na daltaí scoile féin – a scríobh na bailiúcháin.
Thóg Carl Borgstrøm, scoláire Ioruach a bhí ina ollamh in Oslo ina dhiaidh sin, mír amháin ó Pheig – leagan den scéal ‘Seán Ó Sé na Bánóige’ – le linn dó cuairt ghearr a thabhairt ar an mBlascaod i 1932.59 Tugann nóta ar an lámhscríbhinn ó lámh an Duileargaigh le fios gurbh é féin a d’iarr ar Borgstrøm an scéal a bhailiú. Is cinnte gurbh í an chúis a bhí ag an Duileargach lena iarratas ná go dtráchtar ann ar na Lochlannaigh agus an ciste a d’fhágadar ina ndiaidh in Éirinn, ábhar a raibh spéis faoi leith ag a sheanoide, C.W. von Sydow ann agus a raibh a lán fiosraithe déanta aige ina thaobh.
Baineann scéal spéisiúil le ceann de leaganacha Pheig den fhinscéal fada faoi Dhónall na nGeimhleach. Is in aistriúchán Béarla amháin atá fáil anois air i leabhar Thomas Mason The Islands of Ireland.60 Mar a luaitear sa leabhar sin, is é Dermot Mason, mac an údair, a thóg síos uaithi é. D’fhanadh sé ar an mBlascaod ar feadh tréimhsí fada agus é ina mhac léinn in order to obtain conversational knowledge of Irish which is necessary for this profession of the Law. Thugadh sé turas ar Pheig gach aon lá geall leis nuair a bhíodh sé ar an Oileán agus scríobh sé síos a lán scéalta uaithi, b’fhéidir dhá scór nó trí acu. Is mór an briseadh croí dó go bhfuil na scéalta seo go léir caillte anois, seachas an ceann a luadh thuas.61 Mar chúiteamh sa chúnamh a fuair sé uaithi, chuireadh Dermot canta tobac chuici nuair d’fhilleadh sé ón mBlascaod, agus deireann litir a fuaireas óna bheanchéile, go seoladh Peig a buíochas as an tobac chuig ‘An buachaill dathmhail, 39 Kenilworth Square, Dublin’.
Ar na daoine a dhein mionbhailiúcháin ó Pheig le linn di a bheith ar an mBlascaod, ní foláir tagairt ar deireadh do Chosslett Ó Cuinn, cléireach agus ollamh. Le linn do a bheith ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide chaith sé tamall ar an mBlascaod i ngeimhreadh na bliana 1929. Scríobh sé síos aon mhír amháin ó Pheig, véarsa a leagtar ar an bhfile Piaras Feiritéar. Is leagan é den véarsa a deirtear a chum an file agus an tírghráthóir sin nuair a bhí sé clipthe ag an uaigneas le linn do a bheith ar a choimeád ar an mBlascaod i bpluais ar a dtugtar Scairt Phiarais. Ba chuid é seo de bhailiúchán beag béaloidis a scríobhadh ar dtús i gcóipleabhair gharbha, ach ar iarratas ó Shéamus Ó Duilearga gur cóipeáladh iad i lámhscríbhinn.63 Deireann Cosslett Ó Cuinn go soiléir cad a spreag é chun tabhairt faoin mbailiúchán: ‘Annseo a chríochnigheas an cnuasacht seo do- chum glóire Dé agus onóra [na] hÉireann’, ráiteas ar geall le macalla é ar eagarfhocal an Duileargaigh sa chéad imleabhar de Béaloideas. Dá laghad é bailiúchán Uí Chuinn, is léiriú maith é ar an dúthracht chíocrach lenar chuir an Duileargach i bhfeidhm moladh an Bhíobla, Colligete quae superaverunt fragmenta, ne pereant [Bailígí an bruscar fuílligh chun nach rachadh aon ní amú. (Eo. 6:12)], ráiteas a roghnaigh An Cumann le Béaloideas Éireann mar mhana.
Orthu siúd a bhailigh béaloideas ó Pheig ar an mBlascaod, bhí Seosamh Ó Dálaigh (nó Joe Daly mar ab fhearr aithne air), bailitheoir lánaimseartha a bhfuil c.3,200 leathanach d’ábhar lámhscríofa ó bhéal Pheig ar lámh shábhála de bharr a shaothair. Ach aon chuairt ghearr amháin a thug Ó Dálaigh uirthi agus í ar an mBlascaod, i 1940, agus bailiúchán beag a bhí de thoradh air.65 Dealraíonn ó chomhfhreagras uaidh go foireann oifige Choimisiún Béaloideasa Éireann, gurbh fhada fonn air bailiúchán a dhéanamh ó Pheig. Ach mar a tharla i gcás Mháire Ní Ghuithín, níor tugadh aon ugach dó sin a dhéanamh mar measadh ag an am gur thábhachtaí bailiúchán a dhéanamh ó dhaoine eile toisc go leor a bheith tógtha ó Pheig cheana féin, agus fós, níor theastaigh go ndéanfaí aon chantáil ar ghort Flower. Ach nuair ba léir nach mbeadh ar a chumas siúd leanúint lena bhailiúchán, agus tar éis do Pheig aistriú go dtí an míntír, chuir Ó Dálaigh dlús lena bhailiúchán uaithi. Ar an 15ú Meán Fómhair 1942, coicís tar éis do Pheig teacht go Baile an Bhiocáire, thosaigh sé ar an obair sin agus lean sé leis go dtí an lá a d’fhág sé a phost mar bhailitheoir béaloidis, Lá Samhna 1951; bhí 275 turas tugtha aige ar Pheig le linn do a bheith ag plé leis an mbailiúchán seo.
Tá roinnt cúinsí eile, áfach, seachas méid an bhailiúcháin, a fhágann fiúntas faoi leith san ábhar a bhailigh sé ón sárscéalaí seo. Ceann acu is ea an éagsúlacht thar cuimse atá san ábhar; murab ionann agus bailitheoirí eile roimhe a dhírigh go hiomlán nach mór ar scéalta fada Pheig, fuair Seosamh Ó Dálaigh ábhar uaithi freisin óna stór mór de scéalta grinn, staróga, finscéalta agus míreanna gearra eachtrúla eile. De bhreis ar sin, bhí treoir nua curtha amach ag an gCoimisiún go dtí na bailitheoirí, aird a dhíriú ar ghnéithe de chultúr ábhartha agus sóisialta na muintire. Dá bharr sin, lean Seosamh Ó Dálaigh treoracha Sheáin Uí Shúilleabháin in A Handbook of Irish Folklore agus thóg sé síos ó Pheig raidhse eolais ar mhórán gach gné den saol agus den tslí bheatha ar an mBlascaod agus i nDún Chaoin, mar aon leis na nósanna agus seantuiscintí a lean iad.
Tá an t-eolas seo thar a bheith luachmhar ann féin, ach chomh maith leis sin, soláthraíonn sé cúlra a chuireann ar ár gcumas tuiscint níos fearr a fháil ar shaol agus ar scéalaíocht Pheig. Murab ionann agus na bailitheoirí eile, bhí oiliúint faighte ag Ó Dálaigh ó Shéamus Ó Duilearga agus ó Sheán Ó Súilleabháin, béaloideasóirí gairmiúla. Mar gheall ar sin bhí sé an-cháiréiseach faoi théacsanna na scéalta, agus dhein sé cúram faoi leith eolas a sholáthar maidir le cé uaidh, cén uair agus conas go díreach a fuair Peig a cuid scéalta. De bhreis ar sin, bhí ar Ó Dálaigh – mar a bhí ar gach bailitheoir lánaimseartha – cuntas cín lae a choimeád fad a bhí obair an bhailiúcháin ar siúl aige, agus tá cuntas fíorluachmhar ann ar ócáidí agus comhthéacs scéalaíocht Pheig. Mar atá ráite thuas, is ar chrann Joe a thit sé trascríobh a dhéanamh de na fiteáin eideafóin a tháinig i seilbh an Choimisiúin ó Nachlass Flower.
